+Airteagal 470 Díolúintí ó asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1
---+Airteagal 470 1.
---+Airteagal 470 2.
---+Airteagal 470 3.

Airteagal 470 Díolúintí ó asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 470 1.
Chun críocha an Airteagail seo, cuimseoidh ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide a ríomhfar tar éis fhorálacha Airteagal 32 go dtí Airteagal 35 a chur i bhfeidhm agus na hasbhaintí a dhéanamh de bhun phointí (a) go (h) agus (k)(ii) go dtí k(v) agus (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha.
Airteagal 470 2.

De mhaolú ar Airteagal 48(1), i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, ní asbhainfidh institiúidí na hítimí a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, 15 % de na hítimí ábhartha de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide:

(a) 

sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, 10 % de na hítimí ábhartha de Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(b) 

i gcás ina mbeidh infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas san earnáil airgeadais, sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha atá ag an institiúid d'ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an eintitis sin atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, 10 % de na hítimí ábhartha Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

Airteagal 470 3.
De mhaolú ar Airteagal 48(2), déanfar na hítimí a mbeidh díolúine acu ó asbhaint de bhun mhír 2 den Airteagal sin a ualú ó thaobh ►C9  riosca ◄ ag 250 %. Beidh na hítimí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal sin faoi réir cheanglais Theideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas