+Airteagal 477 Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2
---+Airteagal 477 1.
---+Airteagal 477 2.
---+Airteagal 477 3.
---+Airteagal 477 4.
|
Airteagal 477 Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 477 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 66, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo maidir leis na méideanna iarmharacha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 476.
|
|
Airteagal 477 2.
|
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 66:
(a)
déantar sealúchais dhíreacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint ag a luach de réir na leabhar ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 2;
(b)
sealúchais indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a bhféadfadh oibleagáid a bheith ar institiúid iad a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana nó de bhua oibleagáide teagmhasaí, ní asbhaintear iad agus déantar iad a ualú ó thaobh
►C9
riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus beidh siad faoi réir ag ceanglais Theideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 477 3.
|
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 66:
(a)
i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais lena bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha aici, láimhseáiltear méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá aici d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (c) d'Airteagal 66;
(b)
i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintiteas earnála airgeadais lena bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha aici, láimhseáiltear méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (d) d'Airteagal 66
|
|
Airteagal 477 4.
|
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 66:
(a)
déantar leath den mhéid a bhaineann le sealúchais dhíreacha is gá a asbhaint i gcomhréir le pointe (c) agus pointe (d) d'Airteagal 66 a asbhaint ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 1 agus an leath eile ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 2;
(b)
ní dhéantar an méid a bhaineann le sealúchais indíreacha agus sintéiseacha is gá a asbhaint i gcomhréir le pointe (c) agus le pointe (d) d'Airteagal 66 a asbhaint agus beidh siad faoi réir ag
►C9
ualach riosca ◄ faoi Chaibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus faoi réir ag na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|