+Airteagal 477a Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe
---+Airteagal 477a 1.
---+Airteagal 477a 2.

Airteagal 477a Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 477a 1.

De mhaolú ar Airteagal 72e(4) agus go dtí an 31 Nollaig 2024, féadfaidh údarás réitigh máthairinstitiúide, tar éis dó tuairim na n-údarás réitigh nó na n-údarás ábhartha tríú tír ó aon fhochuideachtaí lena mbaineann a bhreithniú go cuí, a cheadú go ndéanfar an méid coigeartaithe mi a ríomh tríd an sainmhíniú seo a leanas ar ri, agus wi a úsáid:

ri

=

an ceanglas caipitil iomlán bunaithe ar phriacal is infheidhme maidir le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse faoin Rialachán seo;

wi

=

an ceanglas caipitil iomlán Leibhéal 1 nach bhfuil bunaithe ar phriacal is infheidhme maidir le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcaipiteal Leibhéal 1 faoin Rialachán seo.

Airteagal 477a 2.

Féadfaidh an t-údarás réitigh an cead dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i gcás ina bhfuil an fhochuideachta bunaithe i dtríú tír nach bhfuil córas réitigh áitiúil is infheidhme i bhfeidhm aici go fóill má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

nach ann faoi láthair aon bhac ábharach, praiticiúil nó dlíthiúil ar shócmhainní a aistriú go pras ón bhfochuideachta chuig an máthairinstitiúid, nó nach síltear go dtiocfaidh bac mar sin le bheith ann;

(b) 

gur thug údarás ábhartha tríú tír na fochuideachta tuairim d’údarás réitigh na máthairinstitiúide á rá go bhféadfaí sócmhainní atá comhionann leis an méid atá le hasbhaint ag an bhfochuideachta de réir Airteagal 72e(4), an dara fomhír, a aistriú ón bhfochuideachta chuig an máthairinstitiúid.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas