+Airteagal 483 Ionstraimí lena mbunaítear Státchabhair a mharthanú
---+Airteagal 483 1.
---+Airteagal 483 2.
---+Airteagal 483 3.
---+Airteagal 483 4.
---+Airteagal 483 5.
---+Airteagal 483 6.
---+Airteagal 483 7.
---+Airteagal 483 8.

Airteagal 483 Ionstraimí lena mbunaítear Státchabhair a mharthanú

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 483 1.

De mhaolú ar Airteagail 26 go 29, 51, 52, 62 agus 63, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hionstraimí agus ítimí caipitil i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

eisíodh na hionstraimí roimh an 1 Eanáir 2014;

(b) 

eisíodh na hionstraimí i gcomhthéacs scéime athchaipitlithe de bhun rialacha i leith Státchabhrach; Sa mhéid go suibscríobhtar cuid de na hionstraimí go príobháideach, déanfar iad a eisiúint roimh an 30 Meitheamh 2012 i gcomhar leis na codanna sin atá suibcríofa ag an mBallstát;

▼C2

(c) 

mheas an Coimisiún go raibh na hionstraimí comhoiriúnach don mhargadh inmheánach faoi Airteagal 107 CFAE.

Sna cásanna inar ionstraimí iad atá suibscríofa ag an mBallstát agus ag infheisteoirí príobháideacha araon agus i gcás ina ndéanfar fuascailt pháirteach ar na hionstraimí atá subscríofa ag an mBallstát, déanfar sciar comhfhreagrach den chuid atá suibscríofa go príobháideach a mharthanú i gcomhréir le hAirteagal 484. Nuair a bheidh na hionstraimí uile atá suibscríofa ag an mBalltát fuascailte, déanfar na hionstraimí a bheidh fágtha atá suibscríofa ag infheisteoirí príobháideacha a mharthanú i gcomhréir lehAirteagal 484.

Airteagal 483 2.

Cáileoidh ionstraimí a cháiligh i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, d'ainneoin ceachtar díobh seo a leanas:

(a) 

nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 28 den Rialachán sin;

(b) 

d'eisigh gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán seo na hionstraimí agus níor comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 28 den Rialachán seo seo, nó i gcás inarb infheidhme in Airteagal 29 den Rialachán seo.

Airteagal 483 3.
Cáileoidh ionstraimí dá dtagraítear i mír 1(c) den Airteagal sin nach gcáilíonn faoi na bearta náisiúnta trasuí maidir le pointe (a) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, d'ainneoin nár comhlíonadh ceanglais mhír 2 (a) nó (b) den Airteagal sin, ar an gcoinníoll go gcloífear le ceanglais mhír 8 den Airteagal sin.

Ní fhéadfaidh ionstraimí a cháilíonn mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun na chéad fho-mhíre cáiliú mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 faoi mhír 5 nó faoi mhír 7.

Airteagal 483 4.
Cáileoidh ítimí a cháiligh i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (ca) d'Airteagal 57 agus maidir le hAirteagal 66(1) de Threoir 2006/48/CE mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, d'ainneoin nár comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 52(1) den Rialachán sin.
Airteagal 483 5.
Cáileoidh ionstraimí dá dtagraítear i mír 1(c) den Airteagal sin nach gcáilíonn faoi na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (ca) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, d'ainneoin nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52(1)den Rialachán sin, ar an gcoinníoll go gcloífear le ceanglais mhír 6 den Airteagal sin.

Ní fhéadfaidh ionstraimí a cháilíonn mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1de bhun na chéad fho-mhíre cáiliú mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 faoi mhír 3 nó faoi mhír 7.

Airteagal 483 6.
Cáileoidh ítimí a cháiligh i gcomhréir le bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointí (f), (g) nó (h) d'Airteagal 57 agus maidir le hAirteagal 66(1) de Threoir 2006/48/CE mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2, d'ainneoin nár comhlíonadh na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 62 den Rialachán seo agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63 den Rialachán sin.
Airteagal 483 7.
Cáileoidh ionstraimí dá dtagraítear i mír 1(c) den Airteagal sin nach gcáilíonn i gcomhréir le bearta náisiúnta trasuí maidir le pointe (f), pointe (g) nó pointe (h) d'Airteagal 57 agus maidir le hAirteagal 66(1) de Threoir 2006/48/CE mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2, d'ainneoin nár comhlíonadh na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 62 agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar coinníollacha mhír den Airteagal seo.

Ní fhéadfaidh ionstraimí a cháilíonn mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de bhun na chéad fho-mhíre cáiliú mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 faoi mhír 3 nó faoi mhír 5.

Airteagal 483 8.
Ní fhéadfaidh ionstraimí dá dtagraítear i mír 3, i mír 5 agus i mír 7 cáiliú mar ionstraimí cistí dílse dá dtagraítear sna míreanna sin ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar an coinníoll i bpointe (a) de mhír 1 agus nuair a eiseoidh institiúidí atá corpraithe i mBallstát atá faoi réir Cláir Choigeartaithe Eacnamaíoch iad, agus comhaontófar eisiúint na n-ionstraimí sin faoin gclár sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas