|
+Airteagal 483 1. |
Airteagal 483 1.De mhaolú ar Airteagail 26 go 29, 51, 52, 62 agus 63, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hionstraimí agus ítimí caipitil i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
eisíodh na hionstraimí roimh an 1 Eanáir 2014;
(b)
eisíodh na hionstraimí i gcomhthéacs scéime athchaipitlithe de bhun rialacha i leith Státchabhrach; Sa mhéid go suibscríobhtar cuid de na hionstraimí go príobháideach, déanfar iad a eisiúint roimh an 30 Meitheamh 2012 i gcomhar leis na codanna sin atá suibcríofa ag an mBallstát;
(c)
mheas an Coimisiún go raibh na hionstraimí comhoiriúnach don mhargadh inmheánach faoi Airteagal 107 CFAE. Sna cásanna inar ionstraimí iad atá suibscríofa ag an mBallstát agus ag infheisteoirí príobháideacha araon agus i gcás ina ndéanfar fuascailt pháirteach ar na hionstraimí atá subscríofa ag an mBallstát, déanfar sciar comhfhreagrach den chuid atá suibscríofa go príobháideach a mharthanú i gcomhréir le hAirteagal 484. Nuair a bheidh na hionstraimí uile atá suibscríofa ag an mBalltát fuascailte, déanfar na hionstraimí a bheidh fágtha atá suibscríofa ag infheisteoirí príobháideacha a mharthanú i gcomhréir lehAirteagal 484. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|