|
+Airteagal 486 4. |
Airteagal 486 4.Tá méid na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a cháileoidh mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 teoranta don chéatadán is infheidhme den toradh a fhaightear nuair a dhealaítear suim na méideanna a shonraítear i bpointí (e) go (h) den mhír sin ó shuim na méideanna a shonraítear i bpointe (a) go (d):
(a)
méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a bhí eisithe fós an 31 Nollaig 2012;
(b)
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);
►C2
(c)
méid ainmniúil an chaipitil ó iasacht fho-ordaithe a bhí fós eisithe an 31 Nollaig 2012, laghdaithe leis ◄ an méid a éilítear de bhun na mbeart náisiúnta trasuímh maidir le pointe (c) d'Airteagal 64(3) de Threoir 2006 /48/CE;
(d)
méid ainmniúil na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 44(5), seachas na hionstraimí agus an caipiteal ó iasacht fho-ordaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) den mhír seo, a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012;
(e)
méid ainmniúil na n-ionstraimí agus na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012 agus a chuaigh thar na teorainneacha a shonraítear sna bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 66(1) de Threoir 2006/48/CE;
(f)
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (e);
(g)
méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012 nach gcáilíonn mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 de bhun Airteagal 490(4);
(h)
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (g). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|