+Airteagal 487 Ítimí atá eisiata ó mharthanú in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a mharthanú in eilimintí eile de chistí dílse
---+Airteagal 487 1.
---+Airteagal 487 2.
---+Airteagal 487 3.

Airteagal 487 Ítimí atá eisiata ó mharthanú in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a mharthanú in eilimintí eile de chistí dílse

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 487 1.
De mhaolú ar Airteagail 51, 52, 62 agus 63, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, féadfaidh institiúidí caipiteal, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a eisiatar ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 toisc go sáraíonn siad an céatadán is infheidhme a shonraítear in Airteagal 486(2), a láimhseáil mar ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4), a mhéid is nach sáraítear, trí áireamh an chaipitil sin agus na gcuntas scairbhisigh gaolmhar, teorainn an chéatadáin is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 486(3).
Airteagal 487 2.

De mhaolú ar Airteagail 51, 52, 62 agus 63, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, féadfaidh institiúidí na nithe seo a leanas a láimhseáil mar ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5), a mhéid is nach sáraítear, trína n-áireamh, teorainn an chéatadáin is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 486(4):

(a) 

caipiteal, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, dá dtagraítear in Airteagal 484(3) a eisiatar ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 toisc go sáraíonn siad an céatadán is infheidhme a shonraítear in Airteagal 486(2);

(b) 

ionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a sháraíonn an céatadán is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 486(3).

Airteagal 487 3.
Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha a shonrú chun ionstraimí cistí dílse dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a láimhseáil mar ionstraimí a thig faoi Airteagal 486(4) nó faoi Airteagal 486(5) i rith na tréimhse 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas