+Airteagal 500 Coigeartú maidir le diúscairtí ollmhóra
---+Airteagal 500 1.
---+Airteagal 500 2.
---+Airteagal 500 3.

Airteagal 500 Coigeartú maidir le diúscairtí ollmhóra

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 500 1.

De mhaolú ar phointe (a) d'Airteagal 181(1), féadfaidh institiúid a meastacháin LGD a choigeartú trí thionchar diúscairtí ollmhóra ►C12  neamhchosainti ◄ a mhainnigh ar LGDanna réadaithe a fhritháireamh go hiomlán nó i bpáirt suas go dtí an difríocht idir na meán LGDanna a mheastar a bheadh i gcás ►C12  neamhchosainti ◄ inchomparáide ar mhainneachtain nár leachtaíodh ar deireadh agus na meán LGDanna réadaithe lena n-áirítear ar bhonn na gcaillteanas réadaithe de bharr na ndiúscairtí ollmhóra, a luaithe a bheidh na coinníollacha seo ar fad a leanas á gcomhlíonadh:

(a) 

tá fógra tugtha ag an institiúid don údarás inniúil maidir le plean a sholáthróidh scála, comhdhéanamh agus dátaí dhiúscairtí na ►C12  neamhchosainti ◄ a mhainnigh;

▼M17

(b) 

is tar éis an 23 Samhain 2016 ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024 dátaí diúscartha na neamhchosaintí a mhainnigh;

▼C7

(c) 

maidir le méid carnach na risíochtaí a mhainnigh a rinneadh a dhiúscairt ó dháta na chéad diúscartha i gcomhréir leis an bplean dá dtagraítear i bpointe (a), is mó é ná 20 % de mhéid gan íoc gach mainneachtana a breathnaíodh ó dháta na chéad diúscartha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).

Ní fhéadfar an coigeartú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh ach go dtí an 31 Nollaig 2024 agus d’fhéadfadh sé go mairfeadh a éifeachtaí a fhad agus a áireofar na neamhchosaintí comhfhreagracha i meastacháin LGD na hinstitiúide féin.

Airteagal 500 2.
Tabharfaidh institiúidí fógra don údarás inniúil gan mhoill ach a gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 1.
Airteagal 500 3.
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2026, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, a mheas an bhfuil méadú suntasach tagtha ar leibhéal na neamhchosaintí a mhainnigh i gcláir chomhardaithe na n-institiúidí, an bhfuil coinne aige le meath suntasach ar cháilíocht sócmhainní na n-institiúidí, agus an amhlaidh nach bhfuil leibhéal forbartha na margaí tánaisteacha le haghaidh neamhchosaintí a mhainnigh leordhóthanach chun a áirithiú go ndéanfaidh na hinstitiúidí na neamhchosaintí a mhainnigh a dhiúscairt go héifeachtúil, agus na forbairtí rialála maidir le hurrúsú á gcur san áireamh freisin.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar oiriúnacht an mhaolaithe a leagtar amach i mír 1 agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun síneadh a chur leis an gcoigeartú dá bhforáiltear san Airteagal seo, é a thabhairt isteach an athuair nó é a leasú, de réir mar is gá.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas