+Airteagal 500a Láimhseáil shealadach fiachais phoiblí arna eisiúint in airgeadra Ballstáit eile
---+Airteagal 500a 1.
---+Airteagal 500a 2.
---+Airteagal 500a 3.

Airteagal 500a Láimhseáil shealadach fiachais phoiblí arna eisiúint in airgeadra Ballstáit eile

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 500a 1.

De mhaolú ar Airteagal 114(2), go dtí an 31 Nollaig 2026, maidir le neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais na mBallstát, i gcás inar neamhchosaintí iad sin atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre Ballstáit eile, tá feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) 

go dtí an 31 Nollaig 2024, is é a bheidh san ualú riosca a chuirtear i bhfeidhm ar na luachanna neamhchosanta ná 0 % den ualú riosca a shanntar do na neamhchosaintí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);

(b) 

in 2025, is é a bheidh san ualú riosca a chuirtear i bhfeidhm ar na luachanna neamhchosanta ná 20 % den ualú riosca a shanntar do na neamhchosaintí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);

(c) 

in 2026, is é a bheidh san ualú riosca a chuirtear i bhfeidhm ar na luachanna neamhchosanta ná 50 % den ualú riosca a shanntar do na neamhchosaintí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2).

Airteagal 500a 2.

De mhaolú ar Airteagail 395(1) agus 493(4), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí na risíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhú, suas go dtí na teorainneacha seo a leanas:

▼M17

(a) 

100 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31 Nollaig 2025;

(b) 

75 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2026;

(c) 

50 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2027.

▼M11

Beidh feidhm ag na teorainneacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo maidir le luachanna risíochta tar éis éifeacht an mhaolaithe priacail creidmheasa a chur i gcuntas i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403.

Airteagal 500a 3.
De mhaolú ar phointe (ii) de phointe (d) d’Airteagal 150(1), tar éis an cead a fháil roimh ré ó na húdaráis inniúla agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 150, féadfaidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm freisin maidir le risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, i gcás ina sanntar ualú priacail 0 % do na risíochtaí sin faoi mhír 1 den Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas