|
+Airteagal 500a 1. |
Airteagal 500a 1.De mhaolú ar Airteagal 114(2), go dtí an 31 Nollaig 2026, maidir le neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais na mBallstát, i gcás inar neamhchosaintí iad sin atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre Ballstáit eile, tá feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)
go dtí an 31 Nollaig 2024, is é a bheidh san ualú riosca a chuirtear i bhfeidhm ar na luachanna neamhchosanta ná 0 % den ualú riosca a shanntar do na neamhchosaintí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);
(b)
in 2025, is é a bheidh san ualú riosca a chuirtear i bhfeidhm ar na luachanna neamhchosanta ná 20 % den ualú riosca a shanntar do na neamhchosaintí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);
(c)
in 2026, is é a bheidh san ualú riosca a chuirtear i bhfeidhm ar na luachanna neamhchosanta ná 50 % den ualú riosca a shanntar do na neamhchosaintí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|