|
+Airteagal 500d 4. |
Airteagal 500d 4.Áireoidh institiúidí, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, a chuireann cuntasaíocht dáta trádála i bhfeidhm maidir le gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá le socrú, luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh sa tomhas risíochta iomlán. Féadfaidh institiúidí luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh a fhritháireamh le luach ainmniúil iomlán an airgid thirim infhála a bhaineann le gnáthdhíolacháin atá le socrú ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
socraítear na gnáthcheannaigh agus na gnáthdhíolacháin araon ar bhonn seachadta in aghaidh íocaíochta;
(b)
na sócmhainní airgeadais a ceannaíodh agus a díoladh a mbaineann airgead tirim iníoctha agus airgead tirim infhála leo, déantar iad a thomhas ag luach cóir trí bhrabús nó caillteanas agus áirítear i leabhar trádála na hinstitiúide iad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|