+Airteagal 500d Luach risíochta gnáthcheannach agus gnáthdhíolachán atá le socrú a ríomh go sealadach i bhfianaise phaindéim COVID-19
---+Airteagal 500d 1.
---+Airteagal 500d 2.
---+Airteagal 500d 3.
---+Airteagal 500d 4.
---+Airteagal 500d 5.

Airteagal 500d Luach risíochta gnáthcheannach agus gnáthdhíolachán atá le socrú a ríomh go sealadach i bhfianaise phaindéim COVID-19

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 500d 1.
De mhaolú ar Airteagal 429(4), go dtí an 27 Meitheamh 2021, féadfaidh institiúidí luach risíochta gnáthcheannach agus gnáthdhíolachán atá le socrú a ríomh i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo.
Airteagal 500d 2.
Láimhseálfaidh institiúidí airgead tirim a bhaineann le gnáthdhíolacháin agus urrúis a bhaineann le gnáthcheannaigh a fhanann ar an gclár comhardaithe go dtí an dáta socraíochta mar shócmhainní i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 429(4).
Airteagal 500d 3.
Déanfaidh institiúidí, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, a chuireann cuntasaíocht dáta trádála i bhfeidhm maidir le gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá le socrú aon fhritháireamh a fhreaschur idir airgead tirim infhála i leith gnáthdhíolacháin atá le socrú agus airgead tirim iníoctha i leith gnáthcheannaigh atá le socrú a cheadaítear faoin gcreat cuntasaíochta sin. Tar éis do na hinstitiúidí an fritháireamh cuntasaíochta a fhreaschur, féadfaidh siad an t-airgead tirim infhála sin agus an t-airgead tirim iníoctha sin araon a fhritháireamh i gcás ina socraítear na gnáthdhíolacháin agus na gnáthcheannaigh ábhartha araon ar bhonn seachadta in aghaidh íocaíochta.
Airteagal 500d 4.

Áireoidh institiúidí, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, a chuireann cuntasaíocht dáta trádála i bhfeidhm maidir le gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá le socrú, luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh sa tomhas risíochta iomlán.

Féadfaidh institiúidí luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh a fhritháireamh le luach ainmniúil iomlán an airgid thirim infhála a bhaineann le gnáthdhíolacháin atá le socrú ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

socraítear na gnáthcheannaigh agus na gnáthdhíolacháin araon ar bhonn seachadta in aghaidh íocaíochta;

(b) 

na sócmhainní airgeadais a ceannaíodh agus a díoladh a mbaineann airgead tirim iníoctha agus airgead tirim infhála leo, déantar iad a thomhas ag luach cóir trí bhrabús nó caillteanas agus áirítear i leabhar trádála na hinstitiúide iad.

Airteagal 500d 5.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán” ceannach nó díolachán urrúis faoi chonradh a n-éilíonn na téarmaí a ghabhann leis go ndéanfar an t-urrús a sheachadadh laistigh den tréimhse ama arna bhunú go ginearálta le dlí nó le gnás sa mhargadh lena mbaineann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas