+Airteagal 501a 1.

Airteagal 501a 1.

Ceanglais cistí dílse maidir le ►C12  riosca ◄ creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le Teideal II de Chuid III, iolrófar iad faoi fhachtóir 0,75 ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an ►C12  neamhchosaint ◄ na critéir seo a leanas go léir:

▼M17

(a) 

sanntar an neamhchosaint don aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (g), nó d’aon cheann de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (c)(i), (ii) nó (iii), seachas neamhchosaintí ar mainneachtain;

▼M8

(b) 

is ►C12  neamhchosaint ◄ í ar eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun struchtúir nó áiseanna, córais agus líonraí fisiciúla a chuireann seirbhísí poiblí ríthábhachtacha ar fáil nó a thugann tacaíocht dóibh a mhaoiniú;

(c) 

is é an t-ioncam a ghintear leis na heintitis a bheith maoinithe nó fóirdheontais, deontais nó cistiú a sholáthrófar le ceann amháin nó níos mó de na heintitis a liostaítear i bpointe (b)(i) agus pointe (b)(ii) de mhír 2 a sheasfaidh do mhéid nach lú ná dhá dtrian d'iomlán fhoinse aisíocaíochta na hoibleagáide, seachas an cumas neamhspleách atá ag fiontar tráchtála níos leithne;

(d) 

is féidir leis an bhféichiúnaí a oibleagáidí airgeadas a chomhlíonadh fiú má bhíonn dálaí dianstruis ann atá ábhartha i leith phriacal an tionscadail;

(e) 

tá na sreabha airgid thirim a ghineann an féichiúnaí intuartha agus cumhdaíonn siad na haisíocaíochtaí fiacha uile le linn shaol na hiasachta;

▼M17

(f) 

tá riosca athmhaoiniúcháin an fhéichiúnaí íseal nó tá sé maolaithe ar bhealach leordhóthanach, agus fóirdheontais, deontais nó cistiú ar bith arna soláthar ag ceann amháin nó níos mó de na heintitis a liostaítear i mír 2, pointí (b)(i) agus (ii), á gcur san áireamh;

▼M8

(g) 

mar gheall ar na socruithe conarthacha, tá ardleibhéal cosanta ag na hiasachtóirí, lena n-áirítear na cineálacha cosanta seo a leanas:

(i) 

mura mbeidh ioncam an fhéichiúnaithe cistithe ag íocaíochtaí ó líon mór úsáideoirí, beidh forálacha sna socruithe conarthacha lena gcosnaítear go héifeachtach na hiasachtóirí ar chaillteanais a bheadh ann dá gcuirfeadh an páirtí a thoiligh na hearraí nó na seirbhísí a chuireann an féichiúnaí ar fáil deireadh lena thionscadal;

(ii) 

is leor na cúlchistí atá ag an bhféichiúnaí agus tá siad cistithe go hiomlán le hairgead tirim nó is leor na socruithe airgeadais eile atá aige le ráthaithe ag a bhfuil ardrátáil chun cistiú teagmhasach agus ceanglais caipitil oibre a chumhdach le linn shaolré na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo;

(iii) 

tá leibhéal substaintiúil smachta ag na hiasachtóirí ar na sócmhainní agus an ioncam a ghineann an féichiúnaí;

(iv) 

tá sochar na slándála ag na hiasachtóirí, a mhéid is ceadmhach sa dlí is infheidhme i sócmhainní agus conarthaí atá ríthábhachtach do na gnólachtaí bonneagair nó tá sásraí eile acu chun a suíomh a dhéanamh slán;

(v) 

tá cothromas geallta do na hiasachtóirí sa chaoi gur féidir leo smacht a fháil ar an eintiteas i gcás mainneachtana;

(vi) 

tá teorainn le húsáid glansreabh airgid tirim oibre tar éis íocaíochtaí éigeantacha ón tionscadal chun críoch seachas freastal ar oibleagáidí fiachais;

(vii) 

tá srianta conarthacha le cumas an fhéichiúnaí gníomhaíochtaí a dhéanamh is féidir a dhéanfaidh dochar d'iasachtóirí, lena n-áirítear an srian nach féidir fiacha nua a eisiúint gan cead ó sholáthraithe fiacha atá ann cheana;

(h) 

is sinsearaí an oibleagáid ná aon éilimh eile seachas éilimh reachtúla agus éilimh ó chontrapháirtithe díorthach;

(i) 

i gcás ina mbeidh an féichiúnaí ag an gcéim tógála, comhlíonfaidh an t-infheisteoir cothromais na critéir seo a leanas, nó, má bhíonn níos mó ná infheisteoir cothromais amháin ann, comhlíonfaidh grúpa infheisteoirí cothromais le chéile iad:

(i) 

d'éirigh leis na hinfheisteoirí cothromais maoirseacht cheart a dhéanamh roimhe sin ar thionscadail bonneagair agus ar an neart airgeadais agus an saineolas a bhaineann leo;

(ii) 

baineann ►C12  riosca ◄ íseal mainneachtana leis na hinfheisteoirí, nó is beag an ►C12  riosca ◄ atá ann go gcaillfidh an féichiúnaí go hábhartha má mhainníonn siad;

(iii) 

Is leor na sásraí atá ar bun chun leas na n-infheisteoirí cothromais a chur in oiriúint do leas na n-iasachtóirí;

(j) 

tá go leor cosaintí ag an bhféichiúnaí chun a áirithiú go gcríochnófar an tionscadal de réir na sonraíochta an bhuiséid nó an dáta críochnaithe ar ar aontaíodh; lena n-áirítear ráthaíochtaí láidre maidir le críochnú nó rannpháirtíocht tógálaí, ag a bhfuil taithí, agus forálacha conartha leordhóthanacha lena gcuirfear damáistí leachtaithe ar fáil;

(k) 

más ábhartha na ►C12  riosca ◄ oibríochta, tá bainistiú ceart á dhéanamh orthu;

(l) 

úsáidfidh an féichiúnaí teicneolaíocht agus dearadh a tástáladh;

(m) 

fuarthas na ceadúnais agus na húdaruithe uile is gá;

(n) 

chun críocha maolaithe ►C12  riosca ◄ amháin a úsáideann an féichiúnaí díorthach;

▼M17

(o) 

maidir le neamhchosaintí arna dtionscnamh tar éis an 1 Eanáir 2025, mheasúnaigh an féichiúnaí go rannchuidíonn na sócmhainní arna maoiniú ar bhealach dearfach le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 agus nach ndéanann siad dochar suntasach do na cuspóirí eile a leagtar amach san Airteagal sin, nó nach ndéanann na sócmhainní arna maoiniú dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach san Airteagal sin.

▼M8

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas