+Airteagal 501a Coigeartú ar cheanglais cistí dílse maidir le►C12riosca◄creidmheasa i gcás eintitis a oibríonn nó a mhaoiníonn struchtúir nó áiseanna, córais agus líonraí fisiciúla a chuireann seirbhísí poiblí ríthábhachtacha ar fáil nó a thugann tacaíocht dóibh
---+Airteagal 501a 1.
---+Airteagal 501a 2.
---+Airteagal 501a 3.
---+Airteagal 501a 4.
---+Airteagal 501a 5.
|
Airteagal 501a Coigeartú ar cheanglais cistí dílse maidir le►C12riosca◄creidmheasa i gcás eintitis a oibríonn nó a mhaoiníonn struchtúir nó áiseanna, córais agus líonraí fisiciúla a chuireann seirbhísí poiblí ríthábhachtacha ar fáil nó a thugann tacaíocht dóibh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 501a 1.
|
Ceanglais cistí dílse maidir le
►C12
riosca ◄ creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le Teideal II de Chuid III, iolrófar iad faoi fhachtóir 0,75 ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an
►C12
neamhchosaint ◄ na critéir seo a leanas go léir:
▼M17
(a)
sanntar an neamhchosaint don aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (g), nó d’aon cheann de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (c)(i), (ii) nó (iii), seachas neamhchosaintí ar mainneachtain;
▼M8
(b)
is
►C12
neamhchosaint ◄ í ar eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun struchtúir nó áiseanna, córais agus líonraí fisiciúla a chuireann seirbhísí poiblí ríthábhachtacha ar fáil nó a thugann tacaíocht dóibh a mhaoiniú;
(c)
is é an t-ioncam a ghintear leis na heintitis a bheith maoinithe nó fóirdheontais, deontais nó cistiú a sholáthrófar le ceann amháin nó níos mó de na heintitis a liostaítear i bpointe (b)(i) agus pointe (b)(ii) de mhír 2 a sheasfaidh do mhéid nach lú ná dhá dtrian d'iomlán fhoinse aisíocaíochta na hoibleagáide, seachas an cumas neamhspleách atá ag fiontar tráchtála níos leithne;
(d)
is féidir leis an bhféichiúnaí a oibleagáidí airgeadas a chomhlíonadh fiú má bhíonn dálaí dianstruis ann atá ábhartha i leith phriacal an tionscadail;
(e)
tá na sreabha airgid thirim a ghineann an féichiúnaí intuartha agus cumhdaíonn siad na haisíocaíochtaí fiacha uile le linn shaol na hiasachta;
▼M17
(f)
tá riosca athmhaoiniúcháin an fhéichiúnaí íseal nó tá sé maolaithe ar bhealach leordhóthanach, agus fóirdheontais, deontais nó cistiú ar bith arna soláthar ag ceann amháin nó níos mó de na heintitis a liostaítear i mír 2, pointí (b)(i) agus (ii), á gcur san áireamh;
▼M8
(g)
mar gheall ar na socruithe conarthacha, tá ardleibhéal cosanta ag na hiasachtóirí, lena n-áirítear na cineálacha cosanta seo a leanas:
(i)
mura mbeidh ioncam an fhéichiúnaithe cistithe ag íocaíochtaí ó líon mór úsáideoirí, beidh forálacha sna socruithe conarthacha lena gcosnaítear go héifeachtach na hiasachtóirí ar chaillteanais a bheadh ann dá gcuirfeadh an páirtí a thoiligh na hearraí nó na seirbhísí a chuireann an féichiúnaí ar fáil deireadh lena thionscadal;
(ii)
is leor na cúlchistí atá ag an bhféichiúnaí agus tá siad cistithe go hiomlán le hairgead tirim nó is leor na socruithe airgeadais eile atá aige le ráthaithe ag a bhfuil ardrátáil chun cistiú teagmhasach agus ceanglais caipitil oibre a chumhdach le linn shaolré na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo;
(iii)
tá leibhéal substaintiúil smachta ag na hiasachtóirí ar na sócmhainní agus an ioncam a ghineann an féichiúnaí;
(iv)
tá sochar na slándála ag na hiasachtóirí, a mhéid is ceadmhach sa dlí is infheidhme i sócmhainní agus conarthaí atá ríthábhachtach do na gnólachtaí bonneagair nó tá sásraí eile acu chun a suíomh a dhéanamh slán;
(v)
tá cothromas geallta do na hiasachtóirí sa chaoi gur féidir leo smacht a fháil ar an eintiteas i gcás mainneachtana;
(vi)
tá teorainn le húsáid glansreabh airgid tirim oibre tar éis íocaíochtaí éigeantacha ón tionscadal chun críoch seachas freastal ar oibleagáidí fiachais;
(vii)
tá srianta conarthacha le cumas an fhéichiúnaí gníomhaíochtaí a dhéanamh is féidir a dhéanfaidh dochar d'iasachtóirí, lena n-áirítear an srian nach féidir fiacha nua a eisiúint gan cead ó sholáthraithe fiacha atá ann cheana;
(h)
is sinsearaí an oibleagáid ná aon éilimh eile seachas éilimh reachtúla agus éilimh ó chontrapháirtithe díorthach;
(i)
i gcás ina mbeidh an féichiúnaí ag an gcéim tógála, comhlíonfaidh an t-infheisteoir cothromais na critéir seo a leanas, nó, má bhíonn níos mó ná infheisteoir cothromais amháin ann, comhlíonfaidh grúpa infheisteoirí cothromais le chéile iad:
(i)
d'éirigh leis na hinfheisteoirí cothromais maoirseacht cheart a dhéanamh roimhe sin ar thionscadail bonneagair agus ar an neart airgeadais agus an saineolas a bhaineann leo;
(ii)
baineann
►C12
riosca ◄ íseal mainneachtana leis na hinfheisteoirí, nó is beag an
►C12
riosca ◄ atá ann go gcaillfidh an féichiúnaí go hábhartha má mhainníonn siad;
(iii)
Is leor na sásraí atá ar bun chun leas na n-infheisteoirí cothromais a chur in oiriúint do leas na n-iasachtóirí;
(j)
tá go leor cosaintí ag an bhféichiúnaí chun a áirithiú go gcríochnófar an tionscadal de réir na sonraíochta an bhuiséid nó an dáta críochnaithe ar ar aontaíodh; lena n-áirítear ráthaíochtaí láidre maidir le críochnú nó rannpháirtíocht tógálaí, ag a bhfuil taithí, agus forálacha conartha leordhóthanacha lena gcuirfear damáistí leachtaithe ar fáil;
(k)
más ábhartha na
►C12
riosca ◄ oibríochta, tá bainistiú ceart á dhéanamh orthu;
(l)
úsáidfidh an féichiúnaí teicneolaíocht agus dearadh a tástáladh;
(m)
fuarthas na ceadúnais agus na húdaruithe uile is gá;
(n)
chun críocha maolaithe
►C12
riosca ◄ amháin a úsáideann an féichiúnaí díorthach;
▼M17
(o)
maidir le neamhchosaintí arna dtionscnamh tar éis an 1 Eanáir 2025, mheasúnaigh an féichiúnaí go rannchuidíonn na sócmhainní arna maoiniú ar bhealach dearfach le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 agus nach ndéanann siad dochar suntasach do na cuspóirí eile a leagtar amach san Airteagal sin, nó nach ndéanann na sócmhainní arna maoiniú dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach san Airteagal sin.
▼M8
|
|
Airteagal 501a 2.
|
Chun críocha phointe (e) de mhír 1, ní mheasfar gur intuartha na sreabha airgid thirim a ghinfear mura gcomhlíonfaidh cuid shubstaintiúil de na hioncaim na coinníollacha seo a leanas:
(a)
comhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
is ar infhaighteacht atá na hioncaim bunaithe;
(ii)
tá na hioncaim faoi réir rialúchán ráta earraí ar ais;
(iii)
tá na hioncaim faoi réir conradh ráta glac nó íoc;
(iv)
comhlíonfaidh leibhéal an aschuir nó an úsáid agus an praghas leis/léi féin ceann de na critéir seo a leanas:
—
tá sé socraithe le conradh,
—
is leor is féidir a thuar ó tá
►C12
riosca ◄ éilimh íseal ann;
(b)
mura mbeidh ioncaim an fhéichiúnaí cistithe le híocaíochtaí ó líon mór úsáideoirí, beidh an páirtí a thoileoidh earraí nó seirbhísí an fhéichiúnaí a cheannach ar cheann de na páirtithe seo a leanas:
(i)
banc ceannais, rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil ar choinníoll go sanntar ualú
►C12
riosca ◄ 0 % dóibh i gcomhréir le hAirteagal 114 nó le hAirteagal 115 nó go sanntar rátáil IMCS ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa dar méid 3 ar a laghad;
(ii)
eintiteas earnála poiblí ar choinníoll go sanntar ualú
►C12
riosca ◄ 20 % dó i gcomhréir le hAirteagal 116 nó go sanntar rátáil IMCS dó ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa dar méid 3 ar a laghad;
(iii)
banc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2);
(iv)
eagraíocht idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 118;
(v)
eintiteas corparáideach ar sannadh rátáil ECAI dó ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad;
(vi)
eintiteas is féidir a ionadú gan athrú suntasacha a chur ar leibhéal agus uainiú ioncam.
|
|
Airteagal 501a 3.
|
Tuairisceoidh na hinstitiúidí do na húdaráis inniúla gach sé mhí ar mhéid iomlán na
►C12
neamhchosainti ◄ ar eintitis tionscadal bonneagair, arna ríomh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 501a 4.
|
Tuairisceoidh an Coimisiún faoin 28 Meitheamh 2022 ar thionchar na gceanglas cistí dílse a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le hiasachtaí a thabhairt d'eintitis tionscadal bonneagair agus do dhaoine nádúrtha agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
|
|
Airteagal 501a 5.
|
Chun críocha mhír 4, tabharfaidh UBÉ tuairisc orthu seo a leanas don Choimisiún:
(a)
anailís ar éabhlóid na gclaontaí agus na gcoinníollacha iasachta i margaí iasachtaithe bonneagair agus maoinithe tionscadal le linn tréimhse dá dtagraítear i mír 4;
(b)
anailís ar an méid
►C12
riosca ◄ iarbhír a bhaineann le heintitis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 le linn timthriall eacnamaíoch iomlán;
(c)
comhsheasmhacht an cheanglais cistí dílse a leagtar síos sa Rialachán seo agus torthaí na hanailíse faoi pointí (a) agus (b) den mhír seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|