+Airteagal 501a 2.

Airteagal 501a 2.

Chun críocha phointe (e) de mhír 1, ní mheasfar gur intuartha na sreabha airgid thirim a ghinfear mura gcomhlíonfaidh cuid shubstaintiúil de na hioncaim na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

comhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

is ar infhaighteacht atá na hioncaim bunaithe;

(ii) 

tá na hioncaim faoi réir rialúchán ráta earraí ar ais;

(iii) 

tá na hioncaim faoi réir conradh ráta glac nó íoc;

(iv) 

comhlíonfaidh leibhéal an aschuir nó an úsáid agus an praghas leis/léi féin ceann de na critéir seo a leanas:

— 
tá sé rialáilte,
— 
tá sé socraithe le conradh,
— 
is leor is féidir a thuar ó tá ►C12  riosca ◄ éilimh íseal ann;
(b) 

mura mbeidh ioncaim an fhéichiúnaí cistithe le híocaíochtaí ó líon mór úsáideoirí, beidh an páirtí a thoileoidh earraí nó seirbhísí an fhéichiúnaí a cheannach ar cheann de na páirtithe seo a leanas:

(i) 

banc ceannais, rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil ar choinníoll go sanntar ualú ►C12  riosca ◄ 0 % dóibh i gcomhréir le hAirteagal 114 nó le hAirteagal 115 nó go sanntar rátáil IMCS ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa dar méid 3 ar a laghad;

(ii) 

eintiteas earnála poiblí ar choinníoll go sanntar ualú ►C12  riosca ◄ 20 % dó i gcomhréir le hAirteagal 116 nó go sanntar rátáil IMCS dó ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa dar méid 3 ar a laghad;

(iii) 

banc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2);

(iv) 

eagraíocht idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 118;

(v) 

eintiteas corparáideach ar sannadh rátáil ECAI dó ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad;

(vi) 

eintiteas is féidir a ionadú gan athrú suntasacha a chur ar leibhéal agus uainiú ioncam.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas