|
+Airteagal 518c Athbhreithniú ar an gcreat um cheanglais stuamachta |
Airteagal 518c Athbhreithniú ar an gcreat um cheanglais stuamachtaAirteagal 518c Athbhreithniú ar an gcreat um cheanglais stuamachta Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid fhoriomlán an chórais baincéireachta sa mhargadh aonair, i ndlúthchomhar le ÚBE agus BCE, agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le hoiriúnacht chreataí rialála agus maoirseachta an Aontais don bhaincéireacht. Déanfar breithniú sa tuarascáil sin ar na hathchóirithe a rinneadh ar an earnáil baincéireachta tar éis na géarchéime móire airgeadais agus déanfar a mheas an áirithítear leo sin leibhéal leordhóthanach cosanta do thaisceoirí agus an gcosnaítear an chobhsaíocht airgeadais ar leibhéal na mBallstát, an aontais baincéireachta agus an Aontais. Breithneofar sa tuarascáil sin freisin gnéithe uile an aontais baincéireachta, chomh maith le cur chun feidhme an íosráta aschuir mar chuid de na ceanglais chaipitil agus leachtachta ar bhonn níos ginearálta. I ndáil leis sin, breithneoidh an Coimisiún go cuí na ráitis chomhfhreagracha agus na conclúidí comhfhreagracha maidir le haontas baincéireachta Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí araon. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|