+TITLE II REPORTS AND REVIEWS
---+Airteagal 501c Láimhseáil stuamachta neamhchosaintí a bhaineann le tosca comhshaoil nó fachtóirí sóisialta
------+Airteagal 501c 1.
------+Airteagal 501c 2.
---+Airteagal 501d Forálacha idirthréimhseacha maidir le láimhseáil stuamachta cripteashócmhainní
------+Airteagal 501d 1.
------+Airteagal 501d 2.
------+Airteagal 501d 3.
------+Airteagal 501d 4.
------+Airteagal 501d 5.
------+Airteagal 501d 6.
---+Airteagal 502 Timthriallacht na gceanglas caipitil
---+Airteagal 503 Ceanglais cistí dílse maidir le►C9neamhchosaintí◄i bhfoirm bannaí faoi chumhdach
------+Airteagal 503 1.
------+Airteagal 503 2.
------+Airteagal 503 3.
------+Airteagal 503 4.
---+Airteagal 504 Ionstraimí caipitil suibscríofa ag údaráis phoiblí i gcásanna géarchéime
---+Airteagal 504a Sealúchais ionstraimí dliteanas incháilithe
---+Airteagal 505 Athbhreithniú ar mhaoiniú talmhaíochta
------+Airteagal 505 1.
------+Airteagal 505 2.
------+Airteagal 505 3.
---+Airteagal 506 Riosca creidmheasa – árachas creidmheasa
---+Airteagal 506a GCanna ag a bhfuil punann fholuiteach de bhannaí ceannasacha de chuid an limistéir euro
---+Airteagal 506b Urrúsuithe NPE
------+Airteagal 506b 1.
------+Airteagal 506b 2.
---+Airteagal 506c Riosca creidmheasa – idirghníomhú idir laghduithe caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus paraiméadair riosca creidmheasa
---+Airteagal 506d Láimhseáil stuamachta urrúsúcháin
------+Airteagal 506d 1.
------+Airteagal 506d 2.
------+Airteagal 506d 3.
---+Airteagal 506e Cosaint creidmheasa neamhchistithe ar a bhfuil uasteorainn nó atá socraithe ar íosráta a aithint
------+Airteagal 506e 1.
------+Airteagal 506e 2.
---+Airteagal 506f Láimhseáil stuamachta idirbheart maoinithe urrús
---+Airteagal 507 ►C12Neamhchosainti◄móra
------+Airteagal 507 1.
------+Airteagal 507 2.
---+Airteagal 508 Leibhéal an chur i bhfeidhm
---+Airteagal 509 Ceanglais maidir le leachtacht
------+Airteagal 509 1.
------+Airteagal 509 2.
------+Airteagal 509 3.
------+Airteagal 509 4.
------+Airteagal 509 5.
---+Airteagal 510 Ceanglais maidir le Glanchistiúchán Cobhsaí
------+Airteagal 510 1.
------+Airteagal 510 2.
------+Airteagal 510 3.
------+Airteagal 510 4.
------+Airteagal 510 5.
------+Airteagal 510 6.
------+Airteagal 510 9.
------+Airteagal 510 10.
------+Airteagal 510 11.
---+Airteagal 511 Luamhánú
------+Airteagal 511 1.
------+Airteagal 511 2.
---+Airteagal 512 ►C9Neamhchosaintí◄ar►C9riosca◄creidmheasa aistrithe
---+Airteagal 513 Rialacha macrastuamachta
------+Airteagal 513 1.
------+Airteagal 513 2.
---+Airteagal 514 An modh chun an luach►C12neamhchosainta◄ar idirbhearta díorthach a ríomh
------+Airteagal 514 1.
------+Airteagal 514 2.
---+Airteagal 515 Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh
------+Article 515 1.
------+Airteagal 515 2.
------+Airteagal 515 3.
---+Airteagal 516 Maoiniú fadtéarmach
---+Airteagal 517 Sainmhíniú ar chaipiteal incháilithe
---+Airteagal 518 Athbhreithniú ar na hionstraimí Caipitil ar féidir iad a dhíluacháil nó a thiontú tráth nach mbeidh inmharthanacht ann
---+Airteagal 518a Athbhreithniú ar na forálacha trasmhainneachtana
---+Airteagal 518b Tuarascáil maidir le róluaineachtaí agus cumhachtaí maoirseachta chun teorainn a chur le dáileacháin
---+Airteagal 518c Athbhreithniú ar an gcreat um cheanglais stuamachta
---+Airteagal 519 Sócmhainní faoi chistí pinsin sainithe a asbhaint as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
---+Airteagal 519a Tuairisciú agus athbreithniú
---+Airteagal 519b Ceanglais cistí dílse le haghaidh►C12riosca◄margaidh
------+Airteagal 519b 1.
------+Airteagal 519b 2.

TITLE II REPORTS AND REVIEWS

TITLE II REPORTS AND REVIEWS

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 501c Láimhseáil stuamachta neamhchosaintí a bhaineann le tosca comhshaoil nó fachtóirí sóisialta -
Airteagal 501d Forálacha idirthréimhseacha maidir le láimhseáil stuamachta cripteashócmhainní -
Airteagal 502 Timthriallacht na gceanglas caipitil

Airteagal 502

Timthriallacht na gceanglas caipitil

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis ÚBE, le BERS agus leis na Ballstáit, agus tuairim BCEá cur san áireamh, faireachán tréimhsiúil féachaint an bhfuil éifeachtaí suntasacha ag an Rialachán seo ina iomláine, mar aon le Treoir 2013/36/AE, ar an timthriall eacnamaíoch agus, i bhfianaise an scrúdaithe sin, measfaidh siad an bhfuil údar le bearta ceartaitheacha. Faoin 31 Nollaig 2013, déanfaidh ÚBE tuairisc a thabhairt don Choimisiún ar cheart modheolaíochtaí na n-institiúidí faoin gCur Chuige IBR a chomhtháthú ar mhaithe le ceanglais chaipitil níos inchomparáide, ach comh-thimthriallacht a mhaolú ag an am céanna, agus maidir leis an dóigh a ndéanfaí é sin.

Bunaithe ar an anailís sin agustuairim BCE á cur san áireamh, dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil dhébhliantúil agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í, mar aon le haon tograí iomchuí. Tabharfar aitheantas leormhaith do ranníocaíochtaí ó pháirtithe glactha creidmheasa agus iasachta creidmheasa nuair a bheidh an tuarascáil á dréachtú.

Faoin 31 Nollaig 2014, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuarascáil ar chur i bhfeidhm Airteagal 33(1)(c) agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Maidir leis an bhféidearthacht Airteagal 33(1)(c) a dhíothú agus maidir leis an bhféidearthacht í a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais, áiritheofar go sonrach san athbhreithniú go mbeidh cosaintí leordhóthanacha i bhfeidhm d'fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú sna Ballstáit uile.

Airteagal 503 Ceanglais cistí dílse maidir le►C9neamhchosaintí◄i bhfoirm bannaí faoi chumhdach -
Airteagal 504 Ionstraimí caipitil suibscríofa ag údaráis phoiblí i gcásanna géarchéime

Airteagal 504

Ionstraimí caipitil suibscríofa ag údaráis phoiblí i gcásanna géarchéime

Tabharfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2016 agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an ÚBE, tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, mar aon le tograí iomchuí ar bith, faoinar ghá an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 28a a leasú nó a scrios.

Airteagal 504a Sealúchais ionstraimí dliteanas incháilithe

Airteagal 504a

Sealúchais ionstraimí dliteanas incháilithe

Faoin 28 Meitheamh 2022, cuirfidh ÚBE tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le méideanna agus dáileadh sealúchas d'ionstraimí dliteanas incháilithe ar na hinstitiúidí sin a shainaithnítear mar G-SIInna nó O-SIInna agus maidir leis na bacainní a d'fhéadfadh a bheith ann do réiteach agus maidir leis an ►C9  riosca ◄ gabhála i ndáil leis na sealúchais sin.

Bunaithe ar an tuarascáil ó ÚBE, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 28 Meitheamh 2023 maidir le láimhseáil iomchuí na sealúchas sin agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 505 Athbhreithniú ar mhaoiniú talmhaíochta -
Airteagal 506 Riosca creidmheasa – árachas creidmheasa

Airteagal 506

Riosca creidmheasa – árachas creidmheasa

Faoin 30 Meitheamh 2024, cuirfidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEÁPC, tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le hincháilitheacht agus úsáid polasaí árachais creidmheasa mar theicníc um maolú riosca creidmheasa, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

oiriúnacht na bparaiméadar riosca gaolmhar dá dtagraítear i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidlí 3 agus 4;

(b) 

anailís ar an riosca éifeachtach agus iarbhír a bhaineann le neamhchosaintí riosca creidmheasa i gcás inar aithníodh árachas creidmheasa mar theicníc um maolú riosca creidmheasa;

(c) 

comhsheasmhacht na gceanglas cistí dílse a leagtar síos sa Rialachán seo agus torthaí na hanailíse faoi phointí (a) agus (b).

Ar bhonn na tuarascála sin, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2024 chun an láimhseáil is infheidhme maidir le hárachas creidmheasa dá dtagraítear i gCuid a Trí, Teideal II, a leasú.

Airteagal 506a GCanna ag a bhfuil punann fholuiteach de bhannaí ceannasacha de chuid an limistéir euro

Airteagal 506a

GCanna ag a bhfuil punann fholuiteach de bhannaí ceannasacha de chuid an limistéir euro

Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le BERS agus ÚBE, tuarascáil a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2021 ina ndéanfaidh sé measúnú ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le hathruithe ar an gcreat rialála chun an margadh le haghaidh risíochtaí i bhfoirm aonaid nó scaireanna i GCanna ag a bhfuil punann fholuiteach nach bhfuil inti ach bannaí ceannasacha de chuid Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, a chur chun cinn mar aon le ceannach na risíochtaí sin ag bainc, i gcás ina bhfuil ualú coibhneasta bhannaí ceannasacha gach Ballstáit i bpunann iomlán an GC comhionann le hualú coibhneasta ranníocaíocht chaipitil gach Ballstáit le BCE.

Airteagal 506b Urrúsuithe NPE -
Airteagal 506c Riosca creidmheasa – idirghníomhú idir laghduithe caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus paraiméadair riosca creidmheasa

Airteagal 506c

Riosca creidmheasa – idirghníomhú idir laghduithe caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus paraiméadair riosca creidmheasa

Faoin 31 Nollaig 2026, tuairisceoidh ÚBE don Choimisiún ar an gcomhsheasmhacht idir an tomhas reatha ar riosca creidmheasa agus na paraiméadair riosca creidmheasa aonair agus ar láimhseáil aon choigeartuithe chun easnamh IRB nó barrachas IRB dá dtagraítear in Airteagal 159 a ríomh, agus ar a chomhsheasmhacht le cinneadh an luacha neamhchosanta i gcomhréir le hAirteagal 166 agus le meastachán LGD.

Breithneofar sa tuarascáil sin an t-uaschaillteanas eacnamaíoch féideartha a eascraíonn as teagmhas mainneachtana chomh maith leis an gcumhdach a baineadh amach i dtéarmaí laghduithe caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ag cur aon laghduithe Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá bunaithe ar chuntasaíocht san áireamh, lena n-áirítear iad siúd ó chaillteanais creidmheasa ionchasacha nó coigeartuithe luacha chóir, agus aon lascaine ar neamhchosaintí a fuarthas, agus impleachtaí eile le haghaidh asbhaintí rialála.

Airteagal 506d Láimhseáil stuamachta urrúsúcháin -
Airteagal 506e Cosaint creidmheasa neamhchistithe ar a bhfuil uasteorainn nó atá socraithe ar íosráta a aithint -
Airteagal 506f Láimhseáil stuamachta idirbheart maoinithe urrús

Airteagal 506f

Láimhseáil stuamachta idirbheart maoinithe urrús

Faoin 10 Iúil 2026, tuairisceoidh ÚBE chuig an gCoimisiún maidir le tionchar an chreata nua le haghaidh idirbhearta maoinithe urrús i dtéarmaí ceanglas cistí dílse a shanntar d’idirbhearta maoinithe urrús comhfhreagracha ar gníomhaíochtaí de chineál an-ghearrthéarmach iad, agus béim ar leith á leagan ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar mhargaí fiachais cheannasaigh i dtéarmaí acmhainneacht cruthaithe margaidh agus costais.

Déanfaidh ÚBE measúnú féachaint an iomchuí athchalabrú a dhéanamh ar na hualuithe gaolmhara riosca, i bhfianaise na rioscaí gaolmhara maidir le haibíochtaí, go háirithe i gcás aibíochtaí iarmharacha ar lú iad ná aon bhliain amháin.

Cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach bunaithe ar an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2027.

Airteagal 507 ►C12Neamhchosainti◄móra -
Airteagal 508 Leibhéal an chur i bhfeidhm

Airteagal 508

Leibhéal an chur i bhfeidhm

1.  
Faoin 31 Nollaig 2014 déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuarascáil ar chur i bhfeidhm Chuid a hAon, Teideal II, agus Airteagal 113(6) agus 113(7) agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

▼M9 —————

▼B

Airteagal 509 Ceanglais maidir le leachtacht -
Airteagal 510 Ceanglais maidir le Glanchistiúchán Cobhsaí -
Airteagal 511 Luamhánú -
Airteagal 512 ►C9Neamhchosaintí◄ar►C9riosca◄creidmheasa aistrithe

Airteagal 512

►C9  Neamhchosaintí ◄ ar ►C9  riosca ◄ creidmheasa aistrithe

Faoin 31 Nollaig 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar thionchar agus ar éifeachtacht fhorálacha Chuid a Cúig chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i bhfianaise fhorbairtí an mhargaidh idirnáisiúnta.;

Airteagal 513 Rialacha macrastuamachta -
Airteagal 514 An modh chun an luach►C12neamhchosainta◄ar idirbhearta díorthach a ríomh -
Airteagal 515 Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh -
Airteagal 516 Maoiniú fadtéarmach

Airteagal 516

Maoiniú fadtéarmach

Faoin 31 Nollaig 2015, tuairisceoidh an Coimisiún maidir le tionchar an rialacháin sin i ndáil le hinfheistíochtaí fadtéarmacha a spreagadh i mbonneagar lena gcothaítear fás

Airteagal 517 Sainmhíniú ar chaipiteal incháilithe

Airteagal 517

Sainmhíniú ar chaipiteal incháilithe

Faoin 31 Nollaig 2014, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuarascáil ar oiriúnacht an tsainmhínithe ar chaipiteal incháilithe atá á chur i bhfeidhm chun críocha Theideal IV de Chuid a Dó agus Chuid a Ceathair agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 518 Athbhreithniú ar na hionstraimí Caipitil ar féidir iad a dhíluacháil nó a thiontú tráth nach mbeidh inmharthanacht ann

Airteagal 518

Athbhreithniú ar na hionstraimí Caipitil ar féidir iad a dhíluacháil nó a thiontú tráth nach mbeidh inmharthanacht ann

Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuairisceoidh sé ar cheart go mbeadh sa Rialachán seo ceanglas go ndéantar ionstraimí caipitil a dhíluacháil i gcás cinnidh nach bhfuil institiúid inmharthanach a thuilleadh. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus beidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach ina teannta.

Airteagal 518a Athbhreithniú ar na forálacha trasmhainneachtana

Airteagal 518a

Athbhreithniú ar na forálacha trasmhainneachtana

Tráth nach déanaí ná 28 Meitheamh 2022, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus measúnú cé acu is iomchuí nó nach ea a cheangal go bhféadfaí tarrtháil inmheánach a dhéanamh ar dhliteanais incháilithe gan clásail trasmhainneachtana i gconarthaí eile a ghníomhachtú, chun a éifeachtaí atá an uirlis tarrthála inmheánaí a neartú agus chun measúnú a dhéanamh cé acu is ceart nó nach ceart foráil neamh-thrasmhainneachtana a thagraíonn do dhliteanais incháilithe a áireamh sna téarmaí nó sna conarthaí lena rialaítear dliteanais eile. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an athbhreithniú agus leis an measúnú sin i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 518b Tuarascáil maidir le róluaineachtaí agus cumhachtaí maoirseachta chun teorainn a chur le dáileacháin

Airteagal 518b

Tuarascáil maidir le róluaineachtaí agus cumhachtaí maoirseachta chun teorainn a chur le dáileacháin

Faoin 31 Nollaig 2021, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle á rá an dtugann imthosca eisceachtúla lena spreagtar suaitheadh eacnamaíoch tromchúiseach i bhfeidhmiú ordúil agus i sláine na margaí airgeadais bonn cirt don mhéid seo a leanas:

(a) 

ceadú d’údaráis inniúla, le linn tréimhsí den sórt sin, róluaineachtaí a eisiamh ó shamhlacha inmheánacha na n-institiúidí i leith priacal margaidh nach dtagann as easnaimh sna samhlacha sin;

(b) 

cumhachtaí ceangailteacha breise a dheonú d’údaráis inniúla, le linn tréimhsí den sórt sin, chun srianta a fhorchur ar dháileacháin arna ndéanamh ag institiúidí.

Breithneoidh an Coimisiún bearta breise, más iomchuí.

Airteagal 518c Athbhreithniú ar an gcreat um cheanglais stuamachta

Airteagal 518c

Athbhreithniú ar an gcreat um cheanglais stuamachta

Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid fhoriomlán an chórais baincéireachta sa mhargadh aonair, i ndlúthchomhar le ÚBE agus BCE, agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le hoiriúnacht chreataí rialála agus maoirseachta an Aontais don bhaincéireacht.

Déanfar breithniú sa tuarascáil sin ar na hathchóirithe a rinneadh ar an earnáil baincéireachta tar éis na géarchéime móire airgeadais agus déanfar a mheas an áirithítear leo sin leibhéal leordhóthanach cosanta do thaisceoirí agus an gcosnaítear an chobhsaíocht airgeadais ar leibhéal na mBallstát, an aontais baincéireachta agus an Aontais.

Breithneofar sa tuarascáil sin freisin gnéithe uile an aontais baincéireachta, chomh maith le cur chun feidhme an íosráta aschuir mar chuid de na ceanglais chaipitil agus leachtachta ar bhonn níos ginearálta. I ndáil leis sin, breithneoidh an Coimisiún go cuí na ráitis chomhfhreagracha agus na conclúidí comhfhreagracha maidir le haontas baincéireachta Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí araon.

Airteagal 519 Sócmhainní faoi chistí pinsin sainithe a asbhaint as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

Airteagal 519

Sócmhainní faoi chistí pinsin sainithe a asbhaint as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

Faoin 30 Meitheamh 2014, ullmhóidh ÚBE tuairisc an dtiocfaidh luaineacht mhíchuí i gcistí dílse institiúidí mar gheall ar an CCI 19 athbhreithnithe de réir mar, taobh leis an laghdú ar ghlansócmainní pinsin arna leagan amach in Airteagal 36(1)(e) agus taobh le hathruithe i glansócmhainní pinsin.

Agus an tuarascáil óÚBE á cur san áireamh, faoin 31 Nollaig 2014 ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an tsaincheist dá dtagraítear sa chéad fhomhír, le chéile le togra reachtach i gcás inarb iomchuí chun modh láimhseála a thabhairt isteach lena gcoigeartófar glantairbhithe sainithe i ndáil le sócmhainní nó dliteanais i gcistí pinsin d'fhonn cistí dílse a ríomh.

Airteagal 519a Tuairisciú agus athbreithniú

Airteagal 519a

Tuairisciú agus athbreithniú

Faoin1 Eanáir 2022, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Parlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Chaibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí i bhfianaise forbairtí sna margaí urrúsúcháin, lena n-áirítear ó thaobh na macrastuamachta agus na heacnamaíochta de. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí, agus déanfar measúnú ann ar na pointí seo a leanas, go háirithe:

(a) 

an tionchar a bheidh ag an ordlathas modhanna a leagtar amach in Airteagal 254 agus an tionchar a bheidh ag ríomh méideanna risíochta suíomhanna urrúsúcháin a leagtar amach in Airteagal 258 go hAirteagal 266 ar ghníomhaíocht eisiúna agus infheistíochta a dhéanann institiúidí i margaí urrúsúcháin san Aontas;

(b) 

an tionchar ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus na mBallstát, ag díriú, go háirithe, ar amhantraíocht ar mhargadh na maoine dochorraithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar mhéadú ar an idirnasc idir institiúidí airgeadais;

(c) 

na bearta a bheadh de dhíth chun aon éifeachtaí diúltacha urrúsúcháin ar chobhsaíocht airgeadais a laghdú agus cur ina n-aghaidh, agus an éifeacht dhearfach ar mhaoiniú a chaomhnú san am céanna, lena n-áirítear uasteorainn risíochta ar urrúsuithe a d’fhéadfaí a thabhairt isteach; agus

(d) 

na héifeachtaí ar chumas na n-institiúidí airgeadais sruth cistithe cobhsaí inbhuanaithe a chur ar fáil don fhíorgheilleagar, ag díriú ar FBManna go háirithe; agus

▼M13

(e) 

an chaoi a bhféadfaí critéir maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil a chomhtháthú sa chreat urrrúsaithe, lena n-áirítear i gcás risíochtaí ar urrúsuithe NPE.

▼M5

Sa tuarascáil, cuirfear san áireamh freisin forbairtí rialála i bhfóraim idirnáisiúnta, go háirithe na cinn sin a bhaineann le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le hurrúsú.

Airteagal 519b Ceanglais cistí dílse le haghaidh►C12riosca◄margaidh -

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas