+Airteagal 519d An creat um íosrátaí caolchorrlaigh le haghaidh idirbhearta maoinithe urrús
---+Airteagal 519d 1.
---+Airteagal 519d 2.
---+Airteagal 519d 3.
|
Airteagal 519d An creat um íosrátaí caolchorrlaigh le haghaidh idirbhearta maoinithe urrús
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 519d 1.
|
Tuairisceoidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, faoin 10 Eanáir 2027, don Choimisiún ar a oiriúnaí atá sé an creat um íosrátaí caolchorrlaigh le haghaidh idirbhearta maoinithe urrús a chur chun feidhme i ndlí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar charnadh féideartha luamhánaithe lasmuigh den earnáil baincéireachta.
|
|
Airteagal 519d 2.
|
Breithneofar an méid seo a leanas go léir sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:
(a)
leibhéal an luamhánaithe lasmuigh den chóras baincéireachta san Aontas agus a mhéid a d’fhéadfadh an creat um íosrátaí caolchorrlaigh an luamhánú sin a laghdú dá n-éireodh sí iomarcach;
(b)
ábharthacht na n-idirbheart maoinithe urrús arna sealbhú ag institiúidí san Aontas atá faoi réir an chreata um íosrátaí caolchorrlaigh, lena n-áirítear miondealú ar na hidirbhearta maoinithe urrús sin nach gcomhlíonann na híosrátaí caolchorrlaigh;
(c)
an tionchar measta a bheidh ag an gcreat um íosrátaí caolchorrlaigh ar institiúidí san Aontas faoin dá chur chuige chur chun feidhme a mhol an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, eadhon rialáil margaidh nó ceanglas cistí dílse níos pionósaí faoin Rialachán seo, i gcás nach gcoigeartódh institiúidí san Aontas caolchorrlaigh ar a n-idirbhearta maoinithe urrús chun na híosrátaí caolchorrlaigh a chomhlíonadh, agus an tionchar measta a bheidh ag creat um íosrátaí caolchorrlaigh i gcás malartach ina gceartódh na hinstitiúidí san Aontas na caolchorrlaigh sin chun na híosrátaí caolchorrlaigh a chomhlíonadh;
(d)
na príomhrudaí a spreagann na tionchair mheasta sin, chomh maith leis na hiarmhairtí neamhbheartaithe féideartha a bhaineann le creat um íosrátaí caolchorrlaigh a thabhairt isteach maidir le feidhmiú mhargaí na n-idirbheart maoinithe urrús san Aontas;
(e)
an cur chuige cur chun feidhme ab éifeachtaí chun cuspóirí rialála an chreata um íosrátaí caolchorrlaigh a bhaint amach i bhfianaise na mbreithnithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus an chothroime iomaíochta ar fud earnáil airgeadais san Aontas á cur san áireamh.
|
|
Airteagal 519d 3.
|
Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, agus aird chuí aige ar mholadh an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais an creat um íosrátaí caolchorrlaigh le haghaidh idirbhearta maoinithe urrús a chur chun feidhme, chomh maith leis na caighdeáin ábhartha a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 10 Eanáir 2028.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|