+TITLE IIA IMPLEMENTATION OF RULES
---+Airteagal 519c Uirlis um chomhlíonadh
------+Airteagal 519c 1.
------+Airteagal 519c 2.
---+Airteagal 519d An creat um íosrátaí caolchorrlaigh le haghaidh idirbhearta maoinithe urrús
------+Airteagal 519d 1.
------+Airteagal 519d 2.
------+Airteagal 519d 3.
---+Airteagal 519 e Riosca oibriúcháin
---+Airteagal 519f Comhréireacht

TITLE IIA IMPLEMENTATION OF RULES

TITLE IIA IMPLEMENTATION OF RULES

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 519c Uirlis um chomhlíonadh -
Airteagal 519d An creat um íosrátaí caolchorrlaigh le haghaidh idirbhearta maoinithe urrús -
Airteagal 519 e Riosca oibriúcháin

Airteagal 519 e

Riosca oibriúcháin

Faoin 10 Eanáir 2028, tuairisceoidh ÚBE an méid seo a leanas chuig an gCoimisiún:

(a) 

úsáid árachais i gcomhthéacs ceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca oibriúcháin;

(b) 

cibé a fhéadfaidh, nó nach bhféadfaidh, arbatráiste rialála a bheith mar thoradh ar an aithint aisghabhálacha árachais tríd an gcaillteanas riosca oibriúcháin bliantúil a laghdú gan laghdú comhréireach a dhéanamh ar an gcaillteanas neamhchosanta oibriúcháin iarbhír;

(c) 

cibé atá, nó nach bhfuil, tionchar éagsúil ag aithint aisghabhálacha árachais ar chumhdach iomchuí caillteanas athfhillteach agus cúlchaillteanas féideartha;

(d) 

infhaighteacht agus cáilíocht na sonraí a úsáideann institiúidí agus a gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca oibriúcháin á ríomh acu.

Ar bhonn na tuarascála sin, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 10 Eanáir 2029.

Airteagal 519f Comhréireacht

Airteagal 519f

Comhréireacht

Ullmhóidh ÚBE tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar an gcreat stuamachta foriomlán d’institiúidí beaga agus neamhchasta, agus ina ndéanfar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

na ceanglais sin a mheasúnú freisin i ndáil le grúpaí baincéireachta agus samhlacha sonracha gnó;

(b) 

ábharthacht institiúidí beaga agus neamhchasta ar leibhéal na hinstitiúide agus de réir réigiúin a chur san áireamh chun cobhsaíocht airgeadais agus soláthar creidmheasa a chaomhnú i bpobail áitiúla.

Agus roghanna le haghaidh athruithe ar an gcreat stuamachta á mbreithniú aige, is é a bheidh mar phrionsabal uileghabhálach ag ÚBE go mbeidh aon cheanglais shimplithe níos coimeádaí.

Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2027.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas