+Airteagal 21 Tuairisciú mórtheagmhas a bhaineann le TFC a lárú
---+Airteagal 21 1
---+Airteagal 21 2
---+Airteagal 21 3
|
Airteagal 21 Tuairisciú mórtheagmhas a bhaineann le TFC a lárú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1
|
1. Ullmhóidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, agus i gcomhairle le BCE agus ENISA, tuarascáil chomhpháirteach ina ndéanfar measúnú ar a fhéideartha a bheadh sé lárú breise a dhéanamh ar thuairisciú teagmhas trí Mhol AE aonair a bhunú d’eintitis airgeadais chun mórtheagmhais a bhaineann le TFC a thuairisciú. Féachfar sa tuarascáil chomhpháirteach ar bhealaí chun sreabhadh an tuairiscithe teagmhas a bhaineann le TFC a éascú, chun costais ghaolmhara a laghdú agus chun bheith mar bhonn taca faoi anailísí téamacha d’fhonn cóineasú maoirseachta a fheabhsú.
|
|
Airteagal 21 2
|
2. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil chomhpháirteach dá dtagraítear i mír 1:
|
(a)
|
réamhriachtanais maidir le Mol AE aonair a bhunú;
|
|
(b)
|
tairbhí, teorainneacha agus rioscaí, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le hard-chomhchruinniú faisnéise íogaire;
|
|
(c)
|
an cumas is gá chun idir-inoibritheacht a áirithiú maidir le scéimeanna tuairiscithe ábhartha eile;
|
|
(d)
|
gnéithe den bhainistíocht oibríochtúil;
|
|
(e)
|
coinníollacha ballraíochta;
|
|
(f)
|
socruithe teicniúla d’eintitis airgeadais agus údaráis inniúla náisiúnta chun rochtain a fháil ar Mhol AE aonair;
|
|
(g)
|
réamh-mheasúnú ar chostais airgeadais arna dtabhú leis an ardán oibríochtúil lena dtacaítear le Mol AE aonair a chur ar bun, lena n-áirítear an saineolas riachtanach.
|
|
|
Airteagal 21 3
|
3. Cuirfidh ÚMEnna an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Choimisiúin, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle faoin 17 Eanáir 2025.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|