+Airteagal 32 Struchtúr an Chreata Formhaoirseachta
---+Airteagal 32 1
---+Airteagal 32 2
---+Airteagal 32 3
---+Airteagal 32 4
---+Airteagal 32 5
---+Airteagal 32 6
---+Airteagal 32 7
---+Airteagal 32 8
---+Airteagal 32 9
|
Airteagal 32 Struchtúr an Chreata Formhaoirseachta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 1
|
1. Bunóidh an Comhchoiste, i gcomhréir le hAirteagal 57(1) de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010, an Fóram Formhaoirseachta mar fhochoiste chun tacú le hobair an Chomhchoiste agus an Phríomh-Fhormhaoirseora dá dtagraítear in Airteagal 31(1), pointe (b), sa réimse riosca TFC tríú páirtí ar fud earnálacha airgeadais. Ullmhóidh an Fóram Formhaoirseachta na dréacht-sheasaimh chomhpháirteacha agus na dréachtghníomhartha comhchoiteanna ón gComhchoiste sa réimse sin.
Pléifidh an Fóram Formhaoirseachta forbairtí ábhartha maidir le riosca agus leochaileachtaí TFC go rialta, agus cuirfidh sé cur chuige comhsheasmhach chun cinn maidir le faireachán a dhéanamh ar rioscaí TFC tríú páirtí ar leibhéal an Aontais.
|
|
Airteagal 32 2
|
2. Tabharfaidh an Fóram Formhaoirseachta faoi mheasúnú comhchoiteann ar bhonn bliantúil ar thorthaí na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a rinneadh le haghaidh gach soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil, agus cuirfidh sé bearta comhordaithe chun cinn chun athléimneacht dhigiteach oibríochtúil na n-eintiteas airgeadais a mhéadú, dea-chleachtais a chothú maidir le dul i ngleic le riosca TFC maidir le comhchruinniú agus féachaint ar mhaolaitheoirí le haghaidh aistrithe riosca trasearnála.
|
|
Airteagal 32 3
|
3. Cuirfidh an Fóram Formhaoirseachta tagarmharcanna cuimsitheacha le haghaidh soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla faoi bhráid an Chomhchoiste le glacadh mar chomhsheasaimh de chuid ÚMEnna i gcomhréir le hAirteagal 56(1) de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 32 4
|
4. Beidh an Fóram Formhaoirseachta comhdhéanta de na nithe seo a leanas:
|
(b)
|
ionadaí ardleibhéil amháin ó fhoireann reatha an údaráis inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 46 ó gach Ballstát;
|
|
(c)
|
i gcáil breathnóirí, Stiúrthóirí Feidhmiúcháin gach ÚME agus ionadaí amháin ón gCoimisiún, ó BERS, ó BCE agus ó ENISA;
|
|
(d)
|
i gcás inarb iomchuí, ionadaí breise amháin ó údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 46 ó gach Ballstát i gcáil breathnóra;
|
|
(e)
|
i gcás inarb infheidhme, ionadaí amháin ó na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555 atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar eintiteas bunriachtanach nó tábhachtach faoi réir na Treorach sin, a ainmníodh mar sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil, mar bhreathnóir.
|
Féadfaidh an Fóram Formhaoirseachta, i gcás inarb iomchuí, comhairle a lorg ó shaineolaithe neamhspleácha arna gceapadh i gcomhréir le mír 6.
|
|
Airteagal 32 5
|
5. Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh a bhall foirne ina ionadaí ardleibhéil dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointe (b), agus cuirfidh sé an Príomh-Fhormhaoirseoir ar an eolas faoi sin.
Foilseoidh ÚMEnna ar a suíomh gréasáin liosta na n-ionadaithe ardleibhéil ó fhoireann reatha an údaráis inniúil ábhartha arna n-ainmniú ag na Ballstáit.
|
|
Airteagal 32 6
|
6. Is é an Fóram Formhaoirseachta a cheapfaidh na saineolaithe neamhspleácha dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, as díorma saineolaithe a roghnófar tar éis próiseas iarratais poiblí agus trédhearcach.
Ceapfar na saineolaithe neamhspleácha ar bhonn a saineolais maidir le cobhsaíocht airgeadais, athléimneacht dhigiteach oibríochtúil agus cúrsaí slándála TFC. Gníomhóidh siad go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leas an Aontais ina iomláine agus chun na críche sin amháin agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.
|
|
Airteagal 32 7
|
7. I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010, eiseoidh ÚMEnna, faoin 17 Iúil 2024, chun críocha na Roinne seo, treoirlínte maidir leis an gcomhar idir ÚMEnna agus na húdaráis inniúla lena gcumhdaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha mionsonraithe le haghaidh cúraimí leithdháileadh agus a fhorghníomhú idir údaráis inniúla agus ÚMEnna agus na mionsonraí maidir leis na malartuithe faisnéise atá riachtanach do na húdaráis inniúla chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach ar mholtaí de bhun Airteagal 35(1), pointe (d), arna ndíriú ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla.
|
|
Airteagal 32 8
|
8. Beidh na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo gan dochar d’fheidhmiú Threoir (AE) 2022/2555 agus d’fheidhmiú rialacha eile an Aontais maidir le formhaoirseacht is infheidhme maidir le soláthraithe néalseirbhísí.
|
|
Airteagal 32 9
|
9. Déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste agus bunaithe ar obair ullmhúcháin arna déanamh ag an bhFóram Formhaoirseachta, tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Roinne seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin ar bhonn bliantúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|