|
+Airteagal 5 2. |
Airteagal 5 2.Ní úsáidfear córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha forfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), chun na gcríoch a leagtar amach sa phointe sin ach amháin chun céannacht an duine a bhfuiltear ag díriú air go sonrach a dheimhniú, agus cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh ann:
(a)
staid an cháis a d’fhágfadh go bhféadfaí é a úsáid, go háirithe i gcás nach n-úsáidtear an córas, a thromchúisí a bheadh an díobháil agus dóchúlacht agus scála na díobhála sin;
(b)
iarmhairtí úsáid an chórais do chearta agus saoirsí gach duine lena mbaineann, go háirithe a thromchúisí a bheadh na hiarmhairtí sin agus dóchúlacht agus scála na n-iarmhairtí sin. Ina theannta sin, maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), den Airteagal seo, comhlíonfar na coimircí agus na coinníollacha is gá agus is comhréireach i ndáil lena n-úsáid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena n-údaraítear a n-úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha ama, geografacha agus pearsanta. Ní údarófar úsáid an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” i spásanna atá inrochtana don phobal ach amháin má tá measúnú tionchair ar chearta bunúsacha dá bhforáiltear in Airteagal 27 curtha i gcrích ag an údarás forfheidhmithe dlí agus má chláraigh sé an córas i mbunachar sonraí an Aontais de réir Airteagal 49. I gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, áfach, féadfar tús a chur le húsáid na gcóras sin agus gan iad a bheith cláraithe i mbunachar sonraí an Aontais, ar choinníoll go gcuirfear an clárú sin i gcrích gan moill mhíchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|