+Airteagal 37 Iarraidh ar fhaisnéis
---+Airteagal 37 1
---+Airteagal 37 2
---+Airteagal 37 3
---+Airteagal 37 4
---+Airteagal 37 5

Airteagal 37 Iarraidh ar fhaisnéis

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 37 1

1.   Féadfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir, trí iarraidh shimplí nó cinneadh, a cheangal ar na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Phríomh-Fhormhaoirseoir chun a dhualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear gach doiciméad ábhartha gnó nó oibríochta, gach conradh ábhartha, gach doiciméadacht ábhartha bheartas, gach tuarascáil iniúchóireachta slándála TFC ábhartha, gach tuarascáil teagmhais ábhartha a bhaineann le TFC, chomh maith le haon fhaisnéis a bhaineann le páirtithe dá bhfuil feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochta seachfhoinsithe ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil dóibh.

Airteagal 37 2

2.   I gcás iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1, déanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí i gcomhair na hiarrata;

(b)

luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)

sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d)

socróidh sé teorainn ama nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh de;

(e)

cuirfidh sé ionadaí an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil a n-iarrtar an fhaisnéis air ar an eolas nach mbeidh sé d’oibleagáid air an fhaisnéis a chur ar fáil, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin ar bhonn deonach, nár cheart go mbeadh an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil mícheart ná míthreorach.

Airteagal 37 3

3.   I gcás ina mbeidh sé ag cur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí bhíthin cinnidh, déanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí i gcomhair na hiarrata;

(b)

luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)

sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d)

socróidh sé teorainn ama nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh de;

(e)

sonróidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35(6) i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán nó i gcás nach gcuirfear an fhaisnéis ar fáil laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo;

(f)

sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh chuig Bord Achomhairc ÚME agus chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagail 60 agus 61 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010, a léiriú.

Airteagal 37 4

4.   Soláthróidh ionadaithe soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla an fhaisnéis a iarradh. Dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

Airteagal 37 5

5.   Tarchuirfidh an Príomh-Fhormhaoirseoir, gan mhoill, cóip den chinneadh chun faisnéis a sholáthar chuig údaráis inniúla na n-eintiteas airgeadais a bhaineann úsáid as seirbhísí na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla ábhartha agus chuig JON.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas