|
+Airteagal 6 3. |
Airteagal 6 3.De mhaolú ar mhír 2, ní mheasfar córas intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a bheith ina chóras ardriosca i gcás nach bhfuil riosca suntasach díobhála ann do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha daoine nádúrtha, lena n-áirítear gan tionchar ábhartha a imirt ar thoradh na cinnteoireachta. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga cúram cúng nós imeachta a dhéanamh;
(b)
go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga feabhas a chur ar thoradh gníomhaíochta arna cur i gcrích roimhe sin ag an duine;
(c)
go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga patrúin chinnteoireachta nó diallais ó phatrúin chinnteoireachta a bhí ann roimhe seo a bhrath agus nach bhfuil sé i gceist leis an gcóras sin teacht in ionad an mheasúnaithe dhaonna a cuireadh i gcrích roimhe sin ná tionchar a imirt air, gan athbhreithniú cuí daonna; nó
(d)
go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga cúram ullmhúcháin a dhéanamh maidir le measúnú atá ábhartha chun críocha na gcásanna úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn III. D’ainneoin na chéad fhomhíre, measfar i gcónaí gur córas ardriosca é an córas intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i gcás ina ndéanann an córas intleachta saorga próifíliú ar dhaoine nádúrtha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|