|
+Airteagal 9 5. |
Airteagal 9 5.Fágfaidh na bearta bainistíochta riosca dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), go measfar go bhfuil aon riosca iarmharach ábhartha a bhaineann le gach guais agus riosca iarmharach foriomlán na gcóras intleachta saorga ardriosca inghlactha. Agus na bearta bainistíochta riosca is iomchuí á sainaithint, áiritheofar an méid seo a leanas:
(a)
díothú nó laghdú rioscaí arna sainaithint agus arna measúnú de bhun mhír 2 a mhéid is indéanta go teicniúil trí dhearadh agus forbairt leormhaith an chórais intleachta saorga ardriosca;
(b)
i gcás inarb iomchuí, cur chun feidhme beart maolaithe agus rialaithe leormhaith lena dtabharfar aghaidh ar rioscaí nach féidir a dhíothú;
(c)
soláthar na faisnéise is gá de bhun Airteagal 13, agus, i gcás inarb iomchuí, oiliúint a chur ar úsáideoirí gairmiúla. D’fhonn na rioscaí a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca á dhíothú nó á laghdú, tabharfar aird chuí ar an eolas teicniúil, ar an taithí, ar an oideachas agus ar an oiliúint ar cheart don úsáideoir gairmiúil a bheith ag súil leo agus ar chomhthéacs úsáide intuartha an chórais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|