+Airteagal 14 4.

Airteagal 14 4.

Chun míreanna 1, 2 agus 3 a chur chun feidhme, déanfar an córas intleachta saorga ardriosca a sholáthar don úsáideoir gairmiúil sa chaoi go ndéanfar daoine nádúrtha a mbeidh formhaoirseacht dhaonna sannta dóibh, de réir mar is iomchuí agus comhréireach, a chumasú an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

tuiscint cheart a fháil ar acmhainneachtaí agus teorainneacha ábhartha an chórais intleachta saorga ardriosca agus a bheith in ann faireachán cuí a dhéanamh ar oibriú an chórais sin, lena n-áirítear i bhfianaise aimhrialtachtaí, mífheidhmithe agus feidhmíocht gan choinne a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu;

(b) 

a bheith ar an eolas i gcónaí faoin gclaonadh a d’fhéadfadh a bheith ann brath go huathoibríoch ar an aschur arna tháirgeadh ag córas intleachta saorga lena mbaineann riosca ard (claontacht uathoibrithe), go háirithe i gcás córas intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun faisnéis nó moltaí a chur ar fáil le haghaidh cinntí a bheidh le déanamh ag daoine nádúrtha;

(c) 

aschur an chórais intleachta saorga ardriosca a léirmhíniú i gceart, agus na huirlisí agus na modhanna léirmhínithe atá ar fáil, mar shampla, á gcur san áireamh;

(d) 

a chinneadh, in aon chás ar leith, gan úsáid a bhaint as an gcóras intleachta saorga ardriosca ná gan neamhaird a thabhairt ar aschur an chórais intleachta saorga ardriosca ná é a shárú nó a aisiompú ar shlí eile;

(e) 

idirghabháil a dhéanamh maidir le hoibriú an chórais intleachta saorga ardriosca nó cur isteach ar an gcóras le cnaipe “stad” nó trí nós imeachta eile den chineál sin lenar féidir leis an gcóras teacht chun stad ar bhealach sábháilte.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas