+Airteagal 22 3.

Airteagal 22 3.

Feidhmeoidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí. Cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh arna iarraidh sin, i gceann amháin de theangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais a chinnfidh an t-údarás inniúil. Chun críocha an Rialacháin seo, tabharfar de chumhacht, leis an sainordú, don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

(a) 

a fhíorú gur dréachtaíodh an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47 agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11 agus go ndearna an soláthraí an nós imeachta um measúnú comhréireachta iomchuí;

(b) 

sonraí teagmhála an tsoláthraí a cheap an t-ionadaí údaraithe, cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47, an doiciméadacht theicniúil agus, más infheidhme, an deimhniú arna eisiúint ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra, a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis náisiúnta nó do chomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(10), ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse;

(c) 

ar iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír seo, a chur ar fáil d’údarás inniúil chun a léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, lena n-áirítear rochtain ar na logaí, dá dtagraítear in Airteagal 12(1), a ghineann an córas intleachta saorga ardriosca go huathoibríoch sa mhéid atá na logaí sin faoi rialú an tsoláthraí;

(d) 

comhoibriú le húdaráis inniúla, ar iarraidh réasúnaithe, in aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis sin maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca, go háirithe chun na rioscaí a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga ardriosca a laghdú agus a mhaolú;

(e) 

i gcás inarb infheidhme, na hoibleagáidí clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chomhlíonadh nó, más é an soláthraí féin a dhéanann an clárú, a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3 de Roinn A d’Iarscríbhinn VIII ceart.

Leis an sainordú, tabharfar de chumhacht don ionadaí údaraithe déileáil leis na húdaráis inniúla, sa bhreis ar an soláthraí nó ina ionad, maidir le gach saincheist a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas