|
+Airteagal 25 1. |
Airteagal 25 1.Measfar gur soláthraí córas intleachta saorga ardriosca é aon dáileoir, allmhaireoir, úsáideoir gairmiúil nó aon tríú páirtí eile chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an tsoláthraí faoi Airteagal 16, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)
cuireann siad a n-ainm nó a dtrádmharc ar chóras intleachta saorga ardriosca atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana, gan dochar do shocruithe conarthacha lena sonraítear go leithdháilfear na hoibleagáidí ar shlí eile;
(b)
déanann siad modhnú substaintiúil ar chóras intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana agus ar bhealach go leanfaidh sé de bheith ina chóras intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6;
(c)
modhnaíonn siad an chríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga, lena n-áirítear córas intleachta saorga ilchuspóireach, nach bhfuil aicmithe mar chóras ardriosca agus a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana ar bhealach a fhágann go mbeidh an córas intleachta saorga lena mbaineann ina chóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 6. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|