+Airteagal 27 1.

Airteagal 27 1.

Sula n-úsáidfear córas intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2), cé is moite de chórais intleachta saorga ardriosca atá beartaithe lena n-úsáid sa réimse a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, déanfaidh úsáideoirí gairmiúla ar comhlachtaí iad a rialaítear leis an dlí poiblí, nó ar eintitis phríobháideacha iad a sholáthraíonn seirbhísí poiblí, agus úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 5 (b) agus (c) d’Iarscríbhinn III, measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag úsáid an chórais sin ar chearta bunúsacha. Chun na críche sin, áireofar an méid seo a leanas sa mheasúnú a dhéanfaidh úsáideoirí gairmiúla:

(a) 

tuairisc ar na próisis a bheidh ag an úsáideoir gairmiúil agus an córas intleachta saorga ardriosca á úsáid i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó;

(b) 

tuairisc ar an tréimhse ama ina bhfuil sé beartaithe gach córas intleachta saorga ardriosca a úsáid, agus a mhinice a úsáidfear é;

(c) 

catagóirí daoine nádúrtha agus grúpaí ar dócha go ndéanfaidh a úsáid sa chomhthéacs sonrach difear dóibh;

(d) 

na rioscaí sonracha díobhála ar dócha go mbeidh tionchar acu ar na catagóirí daoine nádúrtha nó ar na grúpaí daoine a shainaithnítear de bhun phointe (c) den mhír seo, agus an fhaisnéis a thabharfaidh an soláthraí de bhun Airteagal 13 á cur san áireamh;

(e) 

tuairisc ar chur chun feidhme na mbeart formhaoirseachta daonna, de réir na dtreoracha úsáide;

(f) 

na bearta atá le déanamh i gcás ina dtarlaíonn na rioscaí sin, lena n-áirítear na socruithe maidir le rialachas inmheánach agus sásraí gearáin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas