Airteagal 29 4.
Maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ainmnítear de bhun aon reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais, féadfar gach doiciméad agus deimhniú atá nasctha leis na hainmniúcháin sin a úsáid chun tacú lena nós imeachta ainmniúcháin faoin Rialachán seo agus chun dlús a chur leis, de réir mar is iomchuí. Comhlachtaí faoina dtugtar fógra, a ainmnítear de bhun aon reachtaíocht chomhchuibhithe de chuid an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I agus a chuirtear an nós imeachta measúnaithe aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(8) i bhfeidhm orthu, cuirfidh siad an t-iarratas aonair ar mheasúnú faoi bhráid an údaráis a thugann fógra arna ainmniú de bhun na reachtaíochta comhchuibhithe sin an Aontais. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an doiciméadacht dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a nuashonrú aon uair a tharlaíonn athruithe ábhartha, chun a chur ar chumas an údaráis atá freagrach as comhlachtaí faoina dtugtar fógra faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh leanúnach na gceanglas uile a leagtar síos in Airteagal 31 agus an comhlíonadh sin a fhíorú.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|