+Airteagal 29 Iarratas ar fhógra ó chomhlacht um measúnú comhréireachta
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.

Airteagal 29 Iarratas ar fhógra ó chomhlacht um measúnú comhréireachta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1.
Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra de chuid an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe.
Airteagal 29 2.
Beidh ag gabháil leis an iarratas ar fhógra tuairisc ar na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, an modúl nó na modúil measúnaithe comhréireachta agus cineálacha na gcóras intleachta saorga a maíonn an comhlacht um measúnú comhréireachta go bhfuil sé inniúil ina leith, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, más ann dó, arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta lena ndearbhaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31.

Cuirfear isteach aon doiciméad bailí a bhaineann le hainmniúcháin an chomhlachta is iarratasóir faoina dtugtar fógra faoi aon reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais.

Airteagal 29 3.
I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a sholáthar, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá chun a chomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31 a fhíorú agus a aithint agus chun faireachán tráthrialta a dhéanamh air sin.
Airteagal 29 4.
Maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ainmnítear de bhun aon reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais, féadfar gach doiciméad agus deimhniú atá nasctha leis na hainmniúcháin sin a úsáid chun tacú lena nós imeachta ainmniúcháin faoin Rialachán seo agus chun dlús a chur leis, de réir mar is iomchuí.

Comhlachtaí faoina dtugtar fógra, a ainmnítear de bhun aon reachtaíocht chomhchuibhithe de chuid an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I agus a chuirtear an nós imeachta measúnaithe aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(8) i bhfeidhm orthu, cuirfidh siad an t-iarratas aonair ar mheasúnú faoi bhráid an údaráis a thugann fógra arna ainmniú de bhun na reachtaíochta comhchuibhithe sin an Aontais.

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an doiciméadacht dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a nuashonrú aon uair a tharlaíonn athruithe ábhartha, chun a chur ar chumas an údaráis atá freagrach as comhlachtaí faoina dtugtar fógra faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh leanúnach na gceanglas uile a leagtar síos in Airteagal 31 agus an comhlíonadh sin a fhíorú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas