+Airteagal 39 Cigireachtaí
---+Airteagal 39 1
---+Airteagal 39 2
---+Airteagal 39 3
---+Airteagal 39 4
---+Airteagal 39 5
---+Airteagal 39 6
---+Airteagal 39 7
|
Airteagal 39 Cigireachtaí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 39 1
|
1. Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir, le cúnamh ó na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 40(1), dul isteach sa láithreán agus gach cigireacht is gá ar an láthair a dhéanamh ar aon áitreabh, ar aon talamh agus ar aon mhaoin de chuid na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, amhail príomhoifigí, lárionaid oibríochta, áitribh thánaisteacha, agus chun cigireachtaí lasmuigh den láthair a dhéanamh freisin.
Chun na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fheidhmiú, rachaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir i gcomhairle le JON.
|
|
Airteagal 39 2
|
2. Beidh sé de chumhacht ag na hoifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an bPríomh-Fhormhaoirseoir cigireacht ar an láthair a dhéanamh:
|
(a)
|
dul isteach in aon áitreabh gnó, talamh nó maoin den sórt sin; agus
|
|
(b)
|
aon áitreabh gnó den sórt sin agus aon leabhair nó taifid den sórt sin a shéalú ar feadh thréimhse an iniúchta agus a mhéid is gá chun críoch an iniúchta.
|
Déanfaidh na hoifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an bPríomh-Fhormhaoirseoir a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a chur ar fáil ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35(6) i gcás nach rachaidh ionadaithe na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla lena mbaineann faoin gcigireacht.
|
|
Airteagal 39 3
|
3. In am trátha roimh thús na cigireachta, cuirfidh an Príomh-Fhormhaoirseoir na húdaráis inniúla ar an eolas faoi na heintitis airgeadais a bhaineann úsáid as an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí sin.
|
|
Airteagal 39 4
|
4. Cumhdófar le cigireachtaí raon iomlán na gcóras, na ngréasán, na ngaireas, na faisnéise agus na sonraí ábhartha TFC a úsáidtear chun seirbhísí TFC a sholáthar d’eintitis airgeadais, nó a chuidítear leis sin.
|
|
Airteagal 39 5
|
5. Sula ndéanfar aon chigireacht ar an láthair a bheartaítear, tabharfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir fógra réasúnach do na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla, ach amháin sa chás nach mbeidh fógra den sórt sin indéanta mar gheall ar éigeandáil nó géarchéim, nó i gcás nach mbeadh an chigireacht nó an t-iniúchadh éifeachtach a thuilleadh dá thoradh.
|
|
Airteagal 39 6
|
6. Rachaidh an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil faoi chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh an Phríomh-Fhormhaoirseora. Sa chinneadh, sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a thosóidh sé agus cuirfear in iúl ann na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35(6), na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010, chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
|
|
Airteagal 39 7
|
7. I gcás ina gcinnfidh na hoifigigh agus daoine eile a údaraíonn an Príomh-Fhormhaoirseoir go gcuireann soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil i gcoinne cigireachta a ordaítear de bhun an Airteagail seo, cuirfidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil ar an eolas faoi iarmhairtí birt den sórt sin, lena n-áirítear an fhéidearthacht d’údaráis inniúla na n-eintiteas airgeadais ábhartha a cheangal ar eintitis airgeadais na socruithe conarthacha a tugadh i gcrích leis an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil sin a fhoirceannadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|