|
+Airteagal 36 7. |
Airteagal 36 7.I gcás ina ndéanfar ainmniú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an méid seo a leanas:
(a)
measúnú ar an tionchar atá ar na deimhnithe a eisíonn an comhlacht faoina dtugtar fógra;
(b)
tuarascáil lena gcuid fionnachtana a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile, laistigh de 3 mhí tar éis fógra faoi na hathruithe ar an ainmniú a thabhairt;
(c)
ceangal a chur ar an gcomhlacht faoina dtugtar fógra aon deimhniú a eisíodh go míchuí a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, laistigh de thréimhse réasúnta ama a chinnfidh an t-údarás chun comhréireacht leanúnach na gcóras intleachta saorga ardriosca atá ar an margadh a áirithiú;
(d)
an Coimisiún agus na Ballstáit a chur ar an eolas faoi dheimhnithe a d’éiligh sé a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;
(e)
gach faisnéis ábhartha a chur ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí maidir leis na deimhnithe atá sé ag éileamh a chur ar fionraí nó a tharraingt siar; déanfaidh an t-údarás sin na bearta iomchuí is gá chun baol ionchasach do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha a sheachaint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|