+Airteagal 36 Athruithe ar na fógraí
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 3.
---+Airteagal 36 4.
---+Airteagal 36 5.
---+Airteagal 36 6.
---+Airteagal 36 7.
---+Airteagal 36 8.
---+Airteagal 36 9.
|
Airteagal 36 Athruithe ar na fógraí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 36 1.
|
Tabharfaidh an t-údarás a thugann fógra fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le haon athruithe ábhartha ar fhógra a thabhairt faoi chomhlacht faoina dtugtar fógra tríd an uirlis leictreonach fógra dá dtagraítear in Airteagal 30(2).
|
|
Airteagal 36 2.
|
Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 29 agus 30 maidir le leathnú ar raon feidhme an fhógra. I gcás athruithe ar an bhfógra cé is moite de leathnú ar a raon feidhme, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos i míreanna (3) go (9).
|
|
Airteagal 36 3.
|
I gcás ina gcinnfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deireadh a chur lena ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, cuirfidh sé é sin in iúl don údarás a thugann fógra agus do na soláthraithe lena mbaineann, a luaithe is féidir agus má shocraítear deireadh a chur le gníomhaíochtaí, bliain amháin ar a laghad roimh dó deireadh a chur lena chuid gníomhaíochtaí. Féadfaidh na deimhnithe ón gcomhlacht faoina dtugtar fógra a bheith fós bailí go ceann tréimhse 9 mí tar éis deireadh a chur le gníomhaíochtaí an chomhlachta faoina dtugtar fógra ar choinníoll gur dhearbhaigh comhlacht eile faoina dtugtar fógra i scríbhinn go ngabhfadh sé na freagrachtaí air féin maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear faoi na deimhnithe sin. Déanfaidh an comhlacht eile faoina dtugtar fógra measúnú iomlán ar na córais intleachta saorga ardriosca a ndéantar difear dóibh faoi dheireadh na tréimhse 9 mí sin roimh dó deimhnithe nua a eisiúint le haghaidh na gcóras sin. I gcás ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra tar éis deireadh a chur lena chuid gníomhaíochtaí, tarraingeoidh an t-údarás a thugann fógra siar an t-ainmniú.
|
|
Airteagal 36 4.
|
I gcás ina bhfuil cúis imleor ag údarás a thugann fógra a mheas nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag comhlacht faoina dtugtar fógra, nó nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí, déanfaidh an t-údarás sin a thugann fógra an t-ábhar a imscrúdú gan mhoill agus a dhúthracht a chaitheamh leis. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh sé an comhlacht faoina dtugtar fógra lena mbaineann ar an eolas maidir leis na hagóidí a rinneadh agus tabharfaidh sé an deis dó a thuairimí a chur in iúl. Má thagann an t-údarás a thugann fógra ar an gconclúid nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra nó nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí, déanfaidh an t-údarás sin an t-ainmniú a shrianadh, cuirfidh sé ar fionraí é nó déanfaidh sé é a aistarraingt, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain na ceanglais sin nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.
|
|
Airteagal 36 5.
|
I gcás inar cuireadh ainmniú comhlachta faoina dtugtar fógra ar fionraí, inar cuireadh srian air nó ina ndearnadh é a tharraingt siar ina iomláine nó i bpáirt, déanfaidh sé na soláthraithe lena mbaineann a chur ar an eolas laistigh de 10 lá.
|
|
Airteagal 36 6.
|
I gcás ina ndéantar ainmniú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra na bearta iomchuí lena áirithiú go ndéanfar comhaid an chomhlachta faoina dtugtar fógra a choinneáil agus cuirfidh sé ar fáil iad d’údaráis a thugann fógra i mBallstáit eile agus d’údaráis faireachais margaidh arna iarraidh sin dóibh.
|
|
Airteagal 36 7.
|
I gcás ina ndéanfar ainmniú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an méid seo a leanas:
(a)
measúnú ar an tionchar atá ar na deimhnithe a eisíonn an comhlacht faoina dtugtar fógra;
(b)
tuarascáil lena gcuid fionnachtana a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile, laistigh de 3 mhí tar éis fógra faoi na hathruithe ar an ainmniú a thabhairt;
(c)
ceangal a chur ar an gcomhlacht faoina dtugtar fógra aon deimhniú a eisíodh go míchuí a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, laistigh de thréimhse réasúnta ama a chinnfidh an t-údarás chun comhréireacht leanúnach na gcóras intleachta saorga ardriosca atá ar an margadh a áirithiú;
(d)
an Coimisiún agus na Ballstáit a chur ar an eolas faoi dheimhnithe a d’éiligh sé a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;
(e)
gach faisnéis ábhartha a chur ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí maidir leis na deimhnithe atá sé ag éileamh a chur ar fionraí nó a tharraingt siar; déanfaidh an t-údarás sin na bearta iomchuí is gá chun baol ionchasach do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha a sheachaint.
|
|
Airteagal 36 8.
|
Cé is moite de na deimhnithe a eisíodh go míchuí agus i gcás ina ndéanfar an t-ainmniú a chur ar fionraí nó a shrianadh, leanfaidh na deimhnithe de bheith bailí i gceann de na cúinsí seo a leanas:
(a)
dhearbhaigh an t-údarás a thugann fógra, laistigh d’aon mhí amháin tar éis an chur ar fionraí nó an tsrianta, nach ann do bhaol don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha maidir le deimhnithe a ndearnadh difear dóibh de bharr na fionraí nó an tsrianta agus tá amlíne gníomhaíochtaí curtha i láthair ag an údarás a thugann fógra chun an fhionraí nó an srianadh a réiteach; nó
(b)
tá sé dearbhaithe ag an údarás a thugann fógra nach ndéanfar aon deimhnithe a bhaineann leis an bhfionraí a eisiúint, a leasú, nó a atheisiúint, le linn na fionraí nó an tsrianta, agus go luafaidh an t-údarás an bhfuil an cumas ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra leanúint d’fhaireachán a dhéanamh agus de bheith freagrach as deimhnithe atá ann cheana a eisíodh do thréimhse na fionraí nó an tsrianta; i gcás ina gcinnfidh an t-údarás a thugann fógra nach bhfuil sé de chumas ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra tacú le deimhnithe a eisíodh cheana féin, dearbhóidh soláthraí an chórais a chumhdaítear leis an deimhniú i scríbhinn d’údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe, laistigh de 3 mhí ón bhfionraí nó ón srianadh, go bhfuil feidhmeanna an chomhlachta faoina dtugtar fógra i ndáil le faireachán a dhéanamh ar na deimhnithe agus bheith freagrach astu á nglacadh ag comhlacht cáilithe eile faoina dtugtar fógra, ar bhonn sealadach, le linn na tréimhse fionraí nó srianta.
|
|
Airteagal 36 9.
|
Cé is moite de na deimhnithe a eisíodh go míchuí, agus i gcás ina ndéanfar an t-ainmniú a tharraingt siar, leanfaidh na deimhnithe de bheith bailí go ceann tréimhse 9 mí sna cúinsí seo a leanas:
(a)
tá sé dearbhaithe ag údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag soláthraí an chórais intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear leis an deimhniú nach ngabhann aon bhaol don tsláinte, don tsábháilteacht ná do chearta bunúsacha leis na córais intleachta saorga ardriosca atá i gceist; agus
(b)
tá sé dearbhaithe ag comhlacht eile faoina dtugtar fógra i scríbhinn go nglacfaidh sé chuige láithreach an fhreagracht maidir leis na córais intleachta saorga sin agus go mbeidh measúnú orthu curtha i gcrích aige laistigh de 12 mhí ón uair a rinneadh an t-ainmniú a tharraingt siar.
Sna cúinsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí córais a chumhdaítear leis an deimhniú síneadh ama a chur le bailíocht shealadach na ndeimhnithe go ceann tréimhsí breise 3 mhí, gan a bheith níos faide ná 12 mhí san iomlán. Cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta nó an comhlacht faoina dtugtar fógra a ghlacann feidhmeanna an chomhlachta faoina dtugtar fógra a mbeidh tionchar ag an athrú ar an ainmniú air an Coimisiún, na Ballstáit eile agus na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra ar an eolas faoin méid sin láithreach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|