+Airteagal 36 8.

Airteagal 36 8.

Cé is moite de na deimhnithe a eisíodh go míchuí agus i gcás ina ndéanfar an t-ainmniú a chur ar fionraí nó a shrianadh, leanfaidh na deimhnithe de bheith bailí i gceann de na cúinsí seo a leanas:

(a) 

dhearbhaigh an t-údarás a thugann fógra, laistigh d’aon mhí amháin tar éis an chur ar fionraí nó an tsrianta, nach ann do bhaol don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha maidir le deimhnithe a ndearnadh difear dóibh de bharr na fionraí nó an tsrianta agus tá amlíne gníomhaíochtaí curtha i láthair ag an údarás a thugann fógra chun an fhionraí nó an srianadh a réiteach; nó

(b) 

tá sé dearbhaithe ag an údarás a thugann fógra nach ndéanfar aon deimhnithe a bhaineann leis an bhfionraí a eisiúint, a leasú, nó a atheisiúint, le linn na fionraí nó an tsrianta, agus go luafaidh an t-údarás an bhfuil an cumas ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra leanúint d’fhaireachán a dhéanamh agus de bheith freagrach as deimhnithe atá ann cheana a eisíodh do thréimhse na fionraí nó an tsrianta; i gcás ina gcinnfidh an t-údarás a thugann fógra nach bhfuil sé de chumas ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra tacú le deimhnithe a eisíodh cheana féin, dearbhóidh soláthraí an chórais a chumhdaítear leis an deimhniú i scríbhinn d’údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe, laistigh de 3 mhí ón bhfionraí nó ón srianadh, go bhfuil feidhmeanna an chomhlachta faoina dtugtar fógra i ndáil le faireachán a dhéanamh ar na deimhnithe agus bheith freagrach astu á nglacadh ag comhlacht cáilithe eile faoina dtugtar fógra, ar bhonn sealadach, le linn na tréimhse fionraí nó srianta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas