+Airteagal 36 9.

Airteagal 36 9.

Cé is moite de na deimhnithe a eisíodh go míchuí, agus i gcás ina ndéanfar an t-ainmniú a tharraingt siar, leanfaidh na deimhnithe de bheith bailí go ceann tréimhse 9 mí sna cúinsí seo a leanas:

(a) 

tá sé dearbhaithe ag údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag soláthraí an chórais intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear leis an deimhniú nach ngabhann aon bhaol don tsláinte, don tsábháilteacht ná do chearta bunúsacha leis na córais intleachta saorga ardriosca atá i gceist; agus

(b) 

tá sé dearbhaithe ag comhlacht eile faoina dtugtar fógra i scríbhinn go nglacfaidh sé chuige láithreach an fhreagracht maidir leis na córais intleachta saorga sin agus go mbeidh measúnú orthu curtha i gcrích aige laistigh de 12 mhí ón uair a rinneadh an t-ainmniú a tharraingt siar.

Sna cúinsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí córais a chumhdaítear leis an deimhniú síneadh ama a chur le bailíocht shealadach na ndeimhnithe go ceann tréimhsí breise 3 mhí, gan a bheith níos faide ná 12 mhí san iomlán.

Cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta nó an comhlacht faoina dtugtar fógra a ghlacann feidhmeanna an chomhlachta faoina dtugtar fógra a mbeidh tionchar ag an athrú ar an ainmniú air an Coimisiún, na Ballstáit eile agus na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra ar an eolas faoin méid sin láithreach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas