|
+Airteagal 43 1. |
Airteagal 43 1.Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III, más rud é, agus é á léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, gur chuir an soláthraí i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, nó, i gcás inarb infheidhme, na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41, roghnóidh an soláthraí ceann de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta seo a leanas bunaithe ar:
(a)
an rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI; nó
(b)
an measúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar an measúnú ar an doiciméadacht theicniúil, i gcomhar le comhlacht faoina dtugtar fógra, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII. Agus é á léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, leanfaidh an soláthraí an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII sa chás:
(a)
nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, agus nach bhfuil na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41 ar fáil;
(b)
nár chuir an soláthraí an caighdeán comhchuibhithe i bhfeidhm nó nár chuir sé ach cuid den chaighdeán comhchuibhithe i bhfeidhm;
(c)
gur ann do na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i bpointe (a), ach nár chuir an soláthraí i bhfeidhm iad;
(d)
gur foilsíodh ceann amháin nó níos mó de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (a) maille le srian agus ar an gcuid sin amháin den chaighdeán ar cuireadh srian uirthi. Chun críocha an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, féadfaidh an soláthraí aon cheann de na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a roghnú. Ach nuair a bheidh sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a bheith á chur i mbun seirbhíse ag údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn chomh maith le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, gníomhóidh an t-údarás faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 74(8) nó (9), de réir mar is infheidhme, mar chomhlacht faoina dtugtar fógra. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|