+Airteagal 50 4.
|
Airteagal 50 4.
Maidir le húsáideoirí gairmiúla córais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann ábhar íomhá, fuaime nó físe ar domhainbhrionnú é, nochtfaidh siad go ndearnadh an t-ábhar a ghiniúint nó a ionramháil go saorga. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás ina bhfuil an úsáid údaraithe le dlí chun cion coiriúil a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. I gcás ina bhfuil an t-ábhar ina chuid de shaothar nó de chlár atá ar aon dul le saothar nó clár ar léir é a bheith ealaíonta, cruthaitheach, aorach nó ficseanúil, tá na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach sa mhír seo teoranta do nochtadh gur ann d’inneachar ginte nó cúbláilte den sórt sin ar bhealach iomchuí nach gcuireann isteach ar thaispeáint ná ar theachtadh an tsaothair. I gcás úsáideoirí gairmiúla córais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann téacs a fhoilsítear chun an pobal a chur ar an eolas faoi ábhair a bhaineann le leas an phobail, nochtfaidh siad go ndearnadh an téacs a ghiniúint nó a ionramháil go saorga. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás ina n-údaraítear le dlí an úsáid chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó i gcás ina ndearnadh próiseas athbhreithnithe dhaonna nó rialaithe eagarthóireachta ar an inneachar a ghintear le IS agus i gcás ina bhfuil freagracht eagarthóireachta ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach as an ábhar a fhoilsiú.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|