|
+Airteagal 55 1. |
Airteagal 55 1.Sa bhreis ar na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagail 53 agus 54, déanfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu an méid seo a leanas:
(a)
meastóireacht samhla a dhéanamh i gcomhréir le prótacail agus uirlisí caighdeánaithe a léiríonn an úrscothacht, lena n-áirítear tástáil sáraíochta ar an tsamhail a dhéanamh agus a dhoiciméadú d’fhonn na rioscaí sistéamacha a shainaithint agus a mhaolú;
(b)
rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a bhfoinsí, a mheasúnú agus a mhaolú, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh eascairt as samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu a fhorbairt, a chur ar an margadh, nó a úsáid;
(c)
súil a choinneáil ar fhaisnéis ábhartha faoi theagmhais thromchúiseacha agus bearta ceartaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt orthu, agus an fhaisnéis sin a dhoiciméadú agus a thuairisciú gan moill mhíchuí don Oifig um Intleacht Shaorga agus, de réir mar is iomchuí, do na húdaráis inniúla náisiúnta;
(d)
leibhéal leordhóthanach cosanta cibearshlándála a áirithiú i gcomhair na samhla intleachta saorga ilchuspóirí a bhfuil riosca sistéamach aici agus bhonneagar fisiciúil na samhla. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|