+Airteagal 61 1.

Airteagal 61 1.

Chun críche tástála i bhfíordhálaí faoi Airteagal 60, gheofar toiliú feasach arna thabhairt faoi shaoirse ó na daoine is ábhar don tástáil sula nglacfaidh siad páirt sa tástáil sin agus tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas go cuí le faisnéis bheacht, shoiléir, ábhartha agus intuigthe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

cineál agus cuspóirí na tástála i bhfíordhálaí agus an mhíchaoithiúlacht a d’fhéadfadh a bheith bainteach lena rannpháirtíocht;

(b) 

na dálaí ina ndéanfar an tástáil i bhfíordhálaí, lena n-áirítear cé chomh fada a mheastar go mbeidh an duine nó na daoine is ábhar rannpháirteach inti;

(c) 

a gcearta, agus na ráthaíochtaí maidir lena rannpháirtíocht, go háirithe maidir lena gceart diúltú lena bheith rannpháirteach agus an ceart tarraingt siar ón tástáil i bhfíordhálaí ag tráth ar bith gan dochar agus gan gá le húdar a thabhairt;

(d) 

na socruithe chun a iarraidh go n-aisiompófaí an méid a dhéanann an córas intleachta saorga a thuar, a mholadh nó a chinneadh nó go ndéanfaí neamhaird de;

(e) 

uimhir aitheantais aonair uathúil uile-Aontais na tástála i bhfíordhálaí i gcomhréir le hAirteagal 60(4) pointe (c) agus sonraí teagmhála an tsoláthraí nó a ionadaí dlíthiúil ónar féidir tuilleadh faisnéise a fháil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas