+Airteagal 79 2.

Airteagal 79 2.

I gcás ina mbeidh cúis leormhaith ag an údarás faireachais margaidh i mBallstát lena mheas go bhfuil riosca dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag baint le córas intleachta saorga, déanfaidh sé meastóireacht ar an gcóras intleachta saorga lena mbaineann maidir le comhlíonadh na gceanglas agus na n-oibleagáidí uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Tabharfar aird ar leith ar chórais intleachta saorga a bhfuil riosca ag baint leo do ghrúpaí leochaileacha. I gcás ina sainaithnítear rioscaí do chearta bunúsacha, cuirfidh an t-údarás faireachais margaidh na húdaráis nó na comhlachtaí poiblí náisiúnta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 77(1) ar an eolas freisin agus oibreoidh sé i gcomhar iomlán leo. Comhoibreoidh na hoibreoirí ábhartha, de réir mar is gá, leis an údarás faireachais margaidh agus leis na húdaráis nó comhlachtaí poiblí náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 77(1).

Más rud é, agus an measúnú sin á dhéanamh, go gcinnfidh an t-údarás faireachais margaidh, nó, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás faireachais margaidh i gcomhar leis an údarás poiblí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 77(1), nach gcomhlíonann an córas intleachta saorga na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh sé, gan moill mhíchuí, ar an oibreoir ábhartha gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an córas intleachta saorga a thabhairt chun comhréireachta, an córas intleachta saorga a aistarraingt ón margadh, nó é a aisghairm laistigh de thréimhse a fhéadfaidh an t-údarás faireachais magaidh a fhorordú, agus in aon chás laistigh de 15 lá oibre, nó de réir mar a fhoráiltear i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais.

Cuirfidh an t-údarás faireachais margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas