|
+Airteagal 89 2. |
Airteagal 89 2.Beidh sé de cheart ag soláthraithe iartheachtacha gearán a thaisceadh ina líomhnaítear sárú ar an Rialachán seo. Beidh réasúnú cuí leis an ngearán agus léireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:
(a)
pointe teagmhála sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann;
(b)
tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha ábhartha an Rialacháin seo, agus an chúis a measann an soláthraí iartheachtach gur sháraigh soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann an Rialachán seo;
(c)
aon fhaisnéis eile a mheasann an soláthraí iartheachtach a sheol an iarraidh a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|