|
+Airteagal 100 1. |
Airteagal 100 1.Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneálacha riaracháin a ghearradh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le fíneáil riaracháin a ghearradh agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:
(a)
cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí, ag cur san áireamh cuspóir an chórais intleachta saorga lena mbaineann, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, líon na ndaoine dá ndéantar difear agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;
(b)
leibhéal freagrachta na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais, agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla arna gcur chun feidhme acu á gcur san áireamh;
(c)
aon ghníomhaíocht a rinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais chun an damáiste a bhain do dhaoine ndéantar difear a mhaolú;
(d)
méid an chomhair leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú, lena n-áirítear aon cheann de na bearta a d’ordaigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí roimhe sin i gcoinne institiúid, chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht an Aontais lena mbaineann a chomhlíonadh, maidir leis an ábhar céanna;
(e)
aon sárú den chineál céanna a rinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais roimhe;
(f)
an bealach ina bhfuair an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí eolas faoin sárú, go háirithe cibé acu a chuir an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais an sárú in iúl nó nár chuir, agus má chuir, a mhéid a cuireadh in iúl é;
(g)
buiséad bliantúil na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|