|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann díobh seo a leanas ar a laghad:
(a)
tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha;
(b)
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí a chomhlíonadh nó chun bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí sula ndéanfaidh sé nó sí conradh;
(c)
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh;
(d)
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint;
(e)
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir;
(f)
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha an ábhair sonraí, lena gceanglaítear go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe más leanbh é an t-ábhar sonraí. Ní bheidh feidhm ag pointe (f) den chéad fhomhír maidir le próiseáil a dhéanann údaráis phoiblí i gcomhlíonadh a gcúraimí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|