+Airteagal 6 4.

Airteagal 6 4.

I gcás nach bhfuil an phróiseáil chun críche eile seachas an chríoch ar chuici a bailíodh na sonraí pearsanta bunaithe ar thoiliú an ábhair sonraí nó ar dhlí de chuid an Aontais nó ar dhlí Ballstáit atá mar bheart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a choimirciú, déanfaidh an rialaitheoir, d'fhonn fáil amach an bhfuil críoch na próiseála ag luí leis na críocha sin ar chucu a bailíodh na sonraí pearsanta ar an gcéad dul síos, na nithe seo a leanas, inter alia, a chur san áireamh:

(a) 

aon nasc idir na críocha ar bailíodh na sonraí pearsanta chucu agus na críocha atá leis an tuilleadh próiseála atá beartaithe;

(b) 

an comhthéacs inar bailíodh na sonraí pearsanta, go háirithe maidir leis an ngaol idir na hábhair sonraí agus an rialaitheoir;

(c) 

cineál na sonraí pearsanta, go háirithe an ndéantar catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil, de bhun Airteagal 9, nó an ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus coireanna a phróiseáil, de bhun Airteagal 10;

(d) 

na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann do na hábhair sonraí ag an tuilleadh próiseála atá beartaithe;

(e) 

an bhfuil coimircí iomchuí ann, ar a bhféadfar a áirithiú criptiú a dhéanamh nó ainm bréige a chur i bhfeidhm.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas