+Airteagal 13 1.

Airteagal 13 1.

I gcás go mbailítear sonraí pearsanta a bhaineann le hábhar sonraí ón ábhar sonraí, tabharfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis uile seo a leanas don ábhar sonraí tráth a gheofar na sonraí pearsanta:

▼B

(a) 

céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb ábhartha, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora;

▼C2

(b) 

sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí, i gcás inarb infheidhme;

▼B

(c) 

críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil;

▼C1

(d) 

i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (f) d'Airteagal 6(1), na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag triú páirtí;

(e) 

i gcás inarb infheidhme, faighteoirí na sonraí pearsanta nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh;

(f) 

i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta agus cibé arb ann nó nach ann do chinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún, nó i gcás na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 46 nó in Airteagal 47, nó sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), tagairt do na coimircí iomchuí nó oiriúnacha agus na bealaí inar féidir chun cóip díobh a fháil nó an áit inar cuireadh iad ar fáil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas