+Airteagal 14 1.

Airteagal 14 1.

I gcás nár bailíodh na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, soláthróidh an rialaitheoir an fhaisnéis seo a leanas don ábhar sonraí:

(a) 

céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora;

(b) 

sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí, más ann dó, más infheidhme;

(c) 

críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil;

(d) 

catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(e) 

faighteoirí nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh;

(f) 

i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir sonraí pearsanta a aistriú chuig faighteoir i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta agus cibé arb ann nó nach ann do chinneadh leordhóthanachta, nó i gcás na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 46 nó in Airteagal 47, nó sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), tagairt do na coimircí iomchuí nó oiriúnacha agus na bealaí chun cóip díobh a fháil nó cá bhfuil siad ar fáil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas