|
+Airteagal 23 1. |
Airteagal 23 1.Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:
(a)
an tslándáil náisiúnta;
(b)
an chosaint;
(c)
an tslándáil phoiblí;
(d)
cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;
(e)
cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;
(f)
neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint;
(g)
chun a áirithiú go ndéantar sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte;
(h)
feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g);
(i)
an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint;
(j)
éileamh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|