+Airteagal 23 Srianta
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
|
Airteagal 23 Srianta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:
(d)
cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;
(e)
cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;
(f)
neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint;
(g)
chun a áirithiú go ndéantar sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte;
(h)
feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g);
(i)
an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint;
(j)
éileamh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú.
|
|
Airteagal 23 2.
|
Go háirithe, beidh forálacha sonracha in aon bheart reachtach dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála,
(b)
catagóirí na sonraí pearsanta,
(c)
raon feidhme na srianta a thugtar isteach,
(d)
na coimircí chun droch-úsáid a chosc nó chun rochtain nó aistriú mídhleathach a chosc;
(e)
sonrú an rialaitheora nó na gcatagóirí rialaitheoirí,
(f)
na tréimhsí stórála agus na coimircí is infheidhme agus cineál, raon feidhme agus críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála á gcur san áireamh;
(g)
na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí do na sonraí; agus
▼C2
(h)
an ceart atá ag na hábhair sonraí go gcuirfear ar an eolas iad faoin srian, ach amháin dá ndéanfadh an ceart sin dochar do chríoch an tsriain.
▼B
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|