|
+Airteagal 36 3. |
Airteagal 36 3.Nuair a rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás maoirseachta de bhun mhír 1, cuirfidh an rialaitheoir an méid a leanas ar fáil don údarás maoirseachta:
(a)
nuair is infheidhme, freagrachtaí faoi seach an rialaitheora, na rialaitheoirí comhpháirteacha agus na bpróiseálaithe a dhéanann an phróiseáil, go háirithe le haghaidh próiseáil laistigh de ghrúpa gnólachtaí;
(b)
críocha agus modhanna na próiseála beartaithe;
(c)
na bearta agus coimircí dá bhforáiltear chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint de bhun an Rialacháin seo;
(d)
nuair is infheidhme, sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí;
(e)
an measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 35; agus
(f)
aon fhaisnéis eile a iarrann an t-údarás maoirseachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|